Tá an fhoirm iarratais seo i mBéarla agus caithfear í a líonadh i mBéarla. Le cabhrú leis na ceisteanna a aistriú, is féidir leat úsáid a bhaint as uirlisí ar líne cosúil le Google Translate.

Cé ar féidir leis an tseirbhís seo a úsáid?

Íoctar go leor íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh le custaiméirí tríd an líonra Oifigí Poist. Is féidir le custaiméirí a nOifig Poist áitiúil nó a rogha oifige a roghnú nuair a dhéanann siad iarratas ar íocaíocht.

Más gá duit Oifig an Phoist a athrú ina bhfuil tú á íoc, is féidir leat úsáid a bhaint as an tseirbhís seo. Cliceáil anseo chun teacht ar eolas breise faoi láithreacha Oifig an Phoist.

Níl an tseirbhís ar líne seo ar fáil ach do chustaiméirí a tháinig go hÉirinn ón Úcráin faoin Treoir um Chosaint Shealadach an AE.

Cé chomh fada a ghlacann sé leis an athrú a dhéanamh?

Ní dhéanfar an t-athrú seo go huathoibríoch. Tabharfar fógra duit nuair a athraíodh Oifig an Phoist.

Cad a iarrfar orm a sholáthar?

Cuntas bunúsach MyGovID

Caithfidh tú clárú do chuntas bunúsach MyGovID chun teacht ar an tseirbhís seo. Is féidir leat ceann a chruthú ar MyGovID.

Do shonraí pearsanta

Iarrfar ort sonraí pearsanta a sholáthar fút féin chun gur féidir linn thú a shainaithint.

Do rogha Oifig an Phoist

Beidh tú in ann Oifig an Phoist áitiúil nó do rogha Oifig an Phoist a chuardach agus a roghnú.

An Úcráin: CMS Athrú ar Oifig an Phoist
Athraigh anois

Tá an fhoirm iarratais seo i mBéarla agus caithfear í a líonadh i mBéarla. Le cabhrú leis na ceisteanna a aistriú, is féidir leat úsáid a bhaint as uirlisí ar líne cosúil le Google Translate.