Cárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan
Tá Cártaí Seirbhísí Poiblí atá imithe as dáta bailí go fóill ar mhaithe le híocaíochtaí Leasa Shóisialaigh a bhailiú agus, nuair is infheidhme, leanfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag glacadh le Cártaí Seirbhísí Poiblí Saorthaistil atá imithe as dáta.
Athnuachaintí ar Líne
Seolfar Seirbhís nua Athnuachaintí ar Líne le haghaidh Cártaí Seirbhísí Poiblí in Earrach 2021. Beidh cártaí reatha bailí go fóill chun íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh a bhailiú.