Athraigh mo mhodh íocaíochta
De réir na comhairle is déanaí ó FSS agus WHO maidir le Scaradh Sóisialta d’fhonn troid i gcoinne scaipeadh an víris COVID-19, tá cinneadh déanta ag an Roinn d’íocaíocht a chur go díreach isteach i do chuntas bainc. Ciallóidh sé sin nach mbeidh ort d’íocaíocht a phiocadh go pearsanta in oifig an phoist a thuilleadh.
Cén modh íocaíochta is féidir liom a athrú
Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á híoc leat isteach in oifig an phoist faoi láthair is féidir leat a iarraidh anois go n-íocfaí an íocaíocht go díreach le hinstitiúid airgeadais m.sh. Banc nó Comhar Creidmheasa
Má tá íocaíocht á íoc leat i mbanc cheana féin is féidir leat an cuntas bainc sin a athrú le haghaidh ceann nua.
Cad a theastaíonn uaim?
Cuntas Fíoraithe MyGovID
Sonraí Cuntais
Scéim
Mura bhfuil tú cinnte faoi do IBAN is féidir leat é a ríomh anseo