Beidh Cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil ceann agat cruthaigh ceann anseo.

Cad iad na ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh is féidir a aisíoc?

Ní féidir leat ach ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh a aisíoc leis an tseirbhís seo. Mar shampla, is féidir leat ró-íocaíocht Liúntais Cuardaitheora Poist a aisíoc.

Ní féidir aon cheann díobh seo a leanas a aisíoc leis an tseirbhís seo:

  • Íocaíochtaí Aitheantais Cóiríochta (ARP)
  • Airgead atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim (mar shampla, ganníocaíocht cánach)
  • Airgead nach ró-íocaíocht phearsanta leasa shóisialaigh é

Ní féidir an tseirbhís seo a úsáid chun Ranníocaíochtaí ÁSPC Deonacha a dhéanamh ach an oiread.

Cén chaoi a n-aisíoctar ró-íocaíocht?

Leis an tseirbhís seo, is féidir leat ró-íocaíocht a aisíoc thar do cheann féin thar ceann duine eile.

Chunaisíocaíocht amháin, a dhéanamh, iarrfar ort sonraí do chárta dochair a chur isteach trí úsáid a bhaint as seirbhís shlán íocaíochta ar líne. Tabhair faoi deara nach stórálann an Roinn nó MyWelfare sonraí cárta.

Má tá cuntas fíoraithe MyGovID agat, beidh tú in ann aisíocaíochtaí dochair dhírigh a chur ar bun trí úsáid a bhaint as sonraí do chuntais bainc mar mhalairt ar aisíocaíochtaí aonair a dhéanamh ar líne.

Má tá cuntas fíoraithe MyGovID agat, taispeánfar d'iarmhéid ró-íocaíochta nár íocadh. Ní áireofar san iarmhéid a thaispeántar aon ró-íocaíochtaí atá á athbhreithniú faoi láthair.

Cé atá in ann aisíocaíocht a dhéanamh?

Féadtar aisíocaíocht a dhéanamh thar do cheann féin nó thar ceann duine eile sna cásanna seo a leanas:

  • cárta dochair cuntas bainc agat
  • ainm an duine atá ró-íoctha ar eolas agat
  • uimhir PSP an duine a ró-íocadh ar eolas agat

Conas is féidir liom aisíocaíocht a dhéanamh?

Teastóidh roinnt faisnéise pearsanta uait chun an aisíocaíocht a chomhlánú, mar sin déan cinnte go bhfuil an méid seo a leanas agat:

Do logáil isteach MyGovID

Nach bhfuil ceann agat? Faigh ceann anseo.

Sonraí pearsanta

Is féidir go n-iarrfar ort roinnt sonraí pearsanta a chur ar fáil duit féin, amhail d'ainm agus d'uimhir PSP, nó don duine a bhfuil aisíocaíocht á déanamh agat thar a c(h)eann.

Sonraí aisíocaíochta

Chun aisíocaíocht aonair a dhéanamh, teastóidh sonraí do chárta dochair uait. Chun aisíocaíochtaí dochair dhírigh a chur ar bun, iarrfar ort sonraí do chuntais bainc a chur isteach, amhail ainm an chuntais, IBAN agus BIC (má tá cuntas limistéar euro Éireannach nó SEPA á úsáid agat) nó ainm an chuntais, uimhir agus cód sórtála (má tá cuntas de chuid na Ríochta Aontaithe á úsáid agat).

Réidh?
Lean ar aghaidh

Beidh Cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil ceann agat cruthaigh ceann anseo.