Beidh Cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil ceann agat cruthaigh ceann anseo.

Cad é Sochar Breoiteachta ann?

Is scéim é an Sochar Breoiteachta a thugann tacaíocht duit sa chás nach féidir leat oibriú toisc go bhfuil tú tinn nó breoite sa ghearrthréimhse.

Caithfidh tú éileamh a dhéanamh ar an Sochar Breoiteachta faoi cheann 6 seachtaine ó d'éirigh tú breoite, beag beann ar má íocann d'fhostóir tú nuair nach bhfuil tú ag obair de bharr tinnis. Glacfar le hiarratais dhéanacha i gcásanna ar leith.

Sa chás nach féidir leat oibriú de bharr gortaithe a tharla ag an obair, ba chóir duit iarratas a chur isteach ar Shochar Gortuithe Ceirde.

Cé ar féidir leo an Sochar Breoiteachta a fháil?

Is féidir leat an Sochar Breoiteachta a fháil más rud é go gcomhlíonann tú na nithe seo a leanas:

  • Tá tú 16 bliana d'aois ar a laghad agus faoi bhun 66 bliana d'aois
  • Deimhníodh le linn 6 mhí anuas nach bhfuil tú in ann obair a dhéanamh. I gcásanna áirithe, is féidir linn glacadh le hiarratais dóibh siúd ar deimhníodh iad níos mó ná 6 mhí ó shin ach is gá don iarratas a bheith ar pháipéar.
  • Má tá a dhóthain Ranníocaíochtaí ÁSPC agat

Cad a theastaíonn uaim chun an t-iarratas seo a chomhlánú?

"Do shonraí pearsanta

Caithfidh tú do sheoladh reatha a sholáthar. Muna bhfuil cuntas deimhnithe MyGovID agat, cuirfear ceist ort roinnt sonraí pearsanta a chur ar fáil, cosúil le d'uimhir PSP.

Fiannaise liachta

Is féidir le do dhochtúir do Dheimhniú Éagumais chun Oibre a chomhlánú go leictreonach. Mura bhfuil do theastas comhlánaithe go leictreonach ní mór duit cóip pháipéir a chur isteach le d’iarratas ar shochar breoiteachta. Is féidir é seo a chur sa phost chuig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh, Bosca Poist 1650, D01 WY03.

D'fhostaíocht

Cuirfear ceist ort maidir le do stádas fostaíochta agus saoire bhreoiteachta.

Ioncam eile

Cuirfear ceist ort maidir le d'ioncam ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh nó scéimeanna oiliúna.

Do chaidreamh

Sa chás go bhfuil sé ábhartha, cuirfear ceist ort má tá tú ag iarraidh cur isteach ar ardú íocaíochta féideartha haghaidh do pháirtí.

Do leanaí

Sa chás go bhfuil sé ábhartha, cuirfear ceist ort má tá tú ag iarraidh cur isteach ar ardú íocaíochta féideartha le haghaidh do leanaí cleithiúnacha.

Do shonraí íocaíochta

Caithfidh tú sonraí maidir leis an gcuntas bainc ina dteastaíonn uait go n-íocfar tú nó an oifig phoist chun an íocaíocht a bhailiú a sholáthar.

Réidh?
Déan Iarratas Anois

Beidh Cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil ceann agat cruthaigh ceann anseo.