Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad atá sa Liúntas Breosla?

Is íocaíocht é an Liúntas Breosla chun cabhrú le costas téimh do thí le linn an gheimhridh. D'fhéadfadh tú bheith i dteideal na híocaíochta seo má tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine nó má tá tú ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh fadtéarmacha agus má shásaíonn tú tástáil acmhainne. Cliceáil anseo chun liosta de na híocaíochtaí cáilitheacha go léir a fheiceáil. Tabhair faoi deara, le do thoil, gur chóir do dhaoine atá ar scéimeanna fostaíochta, ar Liúntas Cuardaitheora Poist nó ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora dul i dteagmháil le d’Oifig Intreo áitiúil nó le d’Oifig Bhrainse áitiúil chun d’iarratas a dhéanamh.

Ní féidir ach le duine amháin in aghaidh an teaghlaigh an íocaíocht seo a fháil. Má tá an íocaíocht seo á fáil cheana féin ag duine i do theaghlach, níor chóir duit iarratas a dhéanamh. Má tá ball de do theaghlach 70 bliain d’aois nó níos sine, ba chóir dóibh iarratas a dhéanamh mar go bhféadfaidís cáiliú níos éasca.

Tabhair faoi deara go bhfuil feidhm ag na hathruithe a fógraíodh le déanaí ar an Liúntas Breosla le haghaidh daoine os cionn 70 bliain d’aois ó Eanáir 2023. Chun tuilleadh eolais a fháil ar athruithe ar an Liúntas Breosla le haghaidh daoine os cionn 70 bliain d’aois cliceáil anseo le do thoil.

Cé atá in ann Liúntas Breosla a fháil?

  •  Tá tú 70 bliain d'aois nó níos sine agus sásaíonn tú tástáil acmhainne


agus Tá tú i do chónaí leat féin nó le:

  • Céile cleithiúnach, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir agus/nó leanaí cleithiúnacha
  • Duine a fhaigheann Liúntas Cuardaitheora Poist gearrthéarmach nó Liúntas Leasa Forlíontach bunúsach
  • Daoine eile a bhfuil íocaíocht cháilitheach á fáil acu agus a bheadh i dteideal Liúntas Breosla a fháil ina gceart féin
  • Duine a fhaigheann Liúntas CúramóraSochar Cúramóra agus a thugann aire duit nó do do chéile/pháirtnéir/chomhchónaitheoir cleithiúnach ar bhonn lánaimseartha

Cad a theastaíonn uaim chun an t-iarratas seo a chomhlánú?

D'fhéadfaí go n-iarrfaí eolas ort faoin méid seo a leanas

Do shonraí caidrimh

Beidh ort do stádas caidrimh a sholáthar agus b’fhéidir go mbeidh ort UPSP do pháirtí a sholáthar.

Do chuid airgid

Cuirfear ceisteanna ort faoi do staid airgeadais agus, más infheidhme, faoi staid airgeadais do pháirtnéara.

Sonraí teaghlaigh

Iarrfar ort freisin a dheimhniú an bhfuil Liúntas Breosla á fháil ag aon duine i do theaghlach. Iarrfar ort freisin Uimhreacha PSP daoine eile atá ina gcónaí i do theaghlach a chur ar fáil agus d’fhéadfaí go n-iarrfaí ort a sonraí ioncaim a sholáthar.

Do shonraí íocaíochta

Mura bhfuil íocaíocht á fáil agat cheana féin ón Roinn, iarrfar ort sonraí do chuntais bainc (IBAN) nó d’oifig phoist ainmnithe a fháil.

Liúntas Breosla
Déan Iarratas Anois

Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.