Beidh cuntas fíoraithe MyGovID ag teastáil uait chun do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan.
Cén fáth a bhfuil gá le do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan?
Cuidíonn an Cárta Seirbhísí Poiblí leat rochtain a fháil ar raon seirbhísí poiblí ar bhealach éasca agus sábháilte. Más custaiméir Saorthaistil tú, teastaíonn Cárta Seirbhísí Poiblí bailí uait chun an tseirbhís a úsáid.
Ionas nach gcuirfear isteach ar sheirbhísí, moltar duit do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan sula rachaidh sé in éag.
Cliceáil anseo chun níos mó a fhoghlaim faoin gCárta Seirbhísí Poiblí.
Cé atá in ann a gCárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan ag úsáid MyWelfare?
Féadfaidh tú do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan ar Líne más rud é:
- Go bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí agat atá le dul in éag sna 90 lá atá amach romhainn nó atá imithe in éag cheana féin
- Go bhfuil tú 18 mbliana d’aois nó níos sine
- Go bhfuil tú i do chónaí in aon cheann den 32 chontae in Éirinn
- Gur chuir tú an Roinn ar an eolas faoi aon athrú ar d’ainm, ó eisíodh do Chárta Seirbhísí Poiblí deireanach
Cén cineál grianghraf is gá dom a uaslódáil?
Caithfidh an grianghraf na caighdeáin chéanna a chomhlíonadh agus atá ag grianghraf pas.
Treoirlínte maidir leis an ngrianghraf:
- Bíodh cúlra simplí, éadrom agat (Níl cúlra le patrún/painéalta inghlactha).
- Bíodh d'aghaidh agus súile go hiomlán infheicthe gan aon spéaclaí á gcaitheamh agat. Le do thoil féach díreach ar an gceamara.
- Níl pictiúr de phictiúr ceadaithe.
- Bíodh soilsiú cothrom agat gan aon scáil.
- Ba chóir go mbeadh d’aghaidh do cheann ag glacadh suas le 70-80% den spás ghrianghraif.
- Ba chóir go mbeadh corrlach beag ar a laghad idir do cheann / ghruaig agus imeall an grianghraf.
- Bíodh gotha gnúise simplí agus béal dúnta agat.
- Ba chóir an bun JPEG a bheith agat (gan é a bheith comhbhrúite).
- Ba chóir é a bheith daite.
- Ba chóir é a bheith 5MB nó níos lú.
- Ba chóir é a bheith 450W x 600H picteilín ar a laghad.
- Ba chóir é a bheith i bhfoirm phortráide (cóimheas 3:4).
Cad is grianghraf cóimheasa 3:4 ann?
Is é is grianghraf cóimheasa treoíochta 3:4 ann ná grianghraf atá beagán níos airde ná mar atá sé leathan, mar shampla grianghraf pas. Maidir le picteilíní, is grianghraf cóimheasa 3:4 é grianghraf leis na toisí; 600 picteilín ar leithead agus 800 picteilín ar airde (600 x 800), mar shampla.
Ag brath ar do ghléas b'fhéidir go bhfuil aipeanna nó roghanna éagsúla agat chun do ghrianghraf a bhearradh, más gá, leis an gcóimheas treoíochta 3:4 a bhaint amach.
Cad is gá dom a dhéanamh chun mo Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan?
Caithfidh cuntas MyGovID fíoraithe a bheith agat
Is féidir leat do chuntas a fhíorú ar MyGovID.
Deimhnigh do chuid sonraí pearsanta
Ar mhaithe le slándáil beidh orainn a dhearbhú go bhfuil do chuid faisnéise pearsanta ceart.
Deimhnigh do sheoladh
Beidh orainn go ndearbhaíonn tú go bhfuil tú i do chónaí ag an seoladh céanna.
Uaslódáil grianghraf digiteach a tógadh le déanaí
Iarrfar ort grianghraf le déanaí a uaslódáil a chomhlíonann critéir áirithe cosúil le grianghraf pas. Foghlaim níos mó faoi ghrianghraf maith a thógáil.
Cén fáth a gcaithfidh mé grianghraf a tógadh le déanaí a sholáthar?
Beidh do ghrianghraf le feiceáil ar do Chárta Seirbhísí Poiblí. Toisc go bhfuil roinnt blianta caite ó eisíodh do chárta deireanach, teastaíonn grianghraf nua a léiríonn an chaoi a bhfuil tú faoi láthair.
Cad ba cheart dom a dhéanamh má chailltear mo Chárta Seirbhísí Poiblí?
Má tá do Chárta Seirbhísí Poiblí caillte, goidte nó millte, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh láithreach le Deasc Chabhrach an Chárta Seirbhísí Poiblí ag 0818 387000
Conas a dhéantar an t-eolas a chuirtear ar fáil do mo Chárta Seirbhísí
Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an gcaoi a stórálann an rialtas faisnéis phearsanta tabhair cuairt ar Gov.ie SAFE registration.
Beidh cuntas fíoraithe MyGovID ag teastáil uait chun do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan.