Táimid ar an eolas go bhfuil glaonna teileafóin agus teachtaireachtaí téacs calaoiseacha a mhaíonn gur ón Roinn iad ag lorg faisnéise pearsanta, mar shampla, uimhir PSP / sonraí Cuntais Bhainc.

 

Ní iarrann foireann na RCS sonraí cosúil le sonraí Bainc ar an bhfón nó ar an téacs riamh.

 

Má fhaigheann tú glao nó téacs den sórt sin, ná déan comhrá leis an té atá ag glaoch agus ná roinn aon chuid de d’uimhir PSP, sonraí  Cuntais Bhainc nó aon fhaisnéis phearsanta eile leo.

 

Má chuir tú aon eolas den sórt sin ar fáil do ghlaoiteoir a chreideann tú gur camghlao nó camthéacs é, déan teagmháil leis an nGarda Síochána láithreach. Féach comhairle ón nGarda Síochána anseo

 

Molaimid duit a bheith thar a bheith cúramach má fhaigheann tú glao nó teachtaireacht téacs den chineál seo. Ba cheart duit a chinntiú freisin go n-úsáideann tú láithreáin ghréasáin oifigiúla na Roinne m.sh. www.MyWelfare.ie nó www.gov.ie.