Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad í an Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise?

Is íocaíocht Liúntais Leasa Fhorlíontaigh í an Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise a bhféadfaidh tú iarratas a dhéanamh uirthi má tá costais bhunriachtanacha le híoc agat nach féidir leat a íoc as d’ioncam seachtainiúil nó ó fhoinsí eile (mar shampla cothabháil nó coigilteas).

Ní íocann an Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise as costais neamh-bhunriachtanacha teaghlaigh nó as costais phearsanta, nó as costais a bhfuil roinn nó gníomhaireacht eile Rialtais freagrach astu.

Tabhair faoi deara, le do thoil: Ní bhíonn cúnamh le costais éigeandála (mar shampla damáiste dóiteáin nó tuile) agus costais sochraide ar fáil ar MyWelfare. Is féidir foirm iarratais a iarraidh trí chuairt a thabhairt ar d’Ionad Intreo áitiúil nó an fhoirm seo a chomhlánú.

Cé atá in ann an Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise a fháil?

Is féidir le duine ar bith a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu nó atá ag oibriú agus a bhfuil ioncam íseal acu cáiliú d’Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise, beag beann ar an méid uaireanta a oibríonn tú.

Chun iarratas a dhéanamh, beidh ort faisnéis a sholáthar a bhaineann le d'ioncam teaghlaigh seachtainiúil, costais, coigilteas agus infheistíochtaí, agus gach duine a chónaíonn i do theaghlach. Beidh ort fianaise a sholáthar freisin ar an gcineál cúnaimh atá uait agus d'fhéadfaí doiciméid ábhartha ar nós dúillíní pá, ráitis bhainc, billí fóntais agus luachana deisithe / cothabhála a iarraidh uait freisin.

Níl aon 'ráta íocaíochta' seasta ann don Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise. Braithfidh méid na híocaíochta a gheobhaidh tú ar d’ioncam teaghlaigh seachtainiúil agus ar an saghas cúnaimh a theastaíonn uait.

Treoirlínte maidir le hioncam seachtainiúil teaghlaigh:

  • Singil (gan leanaí) - ioncam seachtainiúil €444
  • Lánúin (gan leanaí) - ioncam seachtainiúil €544
  • 1 leanbh - ioncam seachtainiúil €645
  • 2 leanbh - ioncam seachtainiúil €746
  • 3 leanbh - ioncam seachtainiúil €847

Tá tuilleadh eolais ar threoirlínte ioncaim do theaghlaigh níos mó ar fáil ar gov.ie.

Tabhair faoi deara, le do thoil: Má bhronntar Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise ort, d'fhéadfaí a iarraidh ort admhálacha agus cáipéisí eile a sholáthar mar fhianaise ar conas a úsáideadh an íocaíocht.

Cad a iarrfar ort?

Sonraí pearsanta

Iarrfar ort do sheoladh reatha, sonraí oideachais, stádas caidrimh agus má tá aon leanaí cleithiúnacha agat a dhearbhú. Nuair is infheidhme, iarrfar ort an uimhir PPS agus na sonraí pearsanta do do pháirtí a fháil freisin.

Fianaise ar riachtanais

Iarrfar ort an chúis go bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar an Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise a sholáthar. Beidh ort fianaise a sholáthar don chineál cúnaimh atá uait agus chun doiciméid a uaslódáil chun tacú le d'iarratas.

Eolas airgeadais

Cuirfear ceisteanna ort faoi aon ioncam, coigilteas nó infheistíochtaí atá agat nó ag do pháirtí. Cuirfear ceist ort freisin faoi aon chostais tí a d'fhéadfadh a bheith agat féin agus do pháirtí.

Sonraí teaghlaigh

Iarrfar ort faisnéis a sholáthar d'aon duine eile atá ina c(h)ónaí sa teaghlach (seachas do pháirtí nó do leanaí), lena n-áirítear a (h)uimhir PSP, an gaol atá acu leat agus aon ioncam, coigilteas nó infheistíochtaí atá acu.

Sonraí íocaíochta

Iarrfar ort sonraí maidir leis an gcuntas bainc nó an oifig phoist ina dteastaíonn uait go n-íocfaí an íocaíocht a sholáthar.

Réidh?
Déan Iarratas Anois

Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.