Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat cheana, féadfaidh tú ceann a chruthú anseo.  

EU Temporary Protection Directive

To access public services in Ireland, you need a Personal Public Service Number (PPSN). If you have recently arrived in Ireland from Ukraine under the EU Temporary Protection Directive, you should not apply online for a PPSN. Instead, you should call to one of our Department’s Offices. The Department has put in place special arrangements to deal with your PPSN application and help with your income support needs, if any.

Cad is Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí ann

Is é is Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ann ná d'uimhir uathúil thagartha a chabhraíonn leat teacht ar shochair leasa shóisialaigh, ar sheirbhísí poiblí agus ar eolas in Éirinn.

Cé a fhéadfaidh Uimhir PSP a fháil?

Ní fhéadfaidh tú uimhir PSP a fháil ach má theastaíonn ceann uait chun teacht ar sheirbhísí poiblí. Mar shampla, má thosaíonn tú i bpost, beidh gá agat le huimhir PSP chun cáin a íoc. Ní bheidh gá agat le huimhir PSP má bhíonn obair á lorg agat. 

Cad a iarrfar ort?

Cuntas bunúsach MyGovID

Ní foláir duit clárú do chuntas bunúsach MyGovID chun teacht ar an tseirbhís seo. Is féidir leat ceann a chruthú thall ar MyGovID. 

An fáth le hiarratas a dhéanamh agus do shonraí pearsanta

Caithfidh tú sonraí a chur ar fáil faoi cén fáth a theastaíonn uimhir PSP uait, agus cáipéisí a chur ar fáil chun tacú leis seo. Faigh amach anseo ar gov.ie faoi cad iad na cáipéisí a bheidh ort a chur ar fáil. Thairis sin, ceanglófar ort sonraí pearsanta fút féin a chur ar fáil ionas go bhféadfaimid thú a shainaithint.

Do cháipéisí aitheantais

Ceanglófar ort fianaise ar d'aitheantas amhail pas nó cárta náisiúnta aitheantais, agus cruthúnas ar do sheoladh amhail bille fóntais, a chur faoinár mbráid. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais anseo ar gov.ie maidir lena bhfuil glacadh leis

Réidh?
Déan Iarratas Anois

Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat cheana, féadfaidh tú ceann a chruthú anseo.