Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.
Cad é Ráiteas d’Íocaíochtaí?
Taifead den mhéid atá íoctha duit ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta i dtréimhse ama sainithe is ea ráiteas d’íocaíochtaí.
Beidh miondealú sa ráiteas ar gach scéim maidir leis an méid a fuarthas agus dátaí an Ráitis a iarradh
Cé is féidir leis Ráitis d’Íocaíochtaí a fháil?
Is féidir le custaiméirí a bhfuil cuntas MyGovID deimhnithe acu ráiteas d’íocaíochtaí a iarraidh.
Conas a gheobhaidh mé mo ráiteas cuntais?
Tamall beag tar éis duit iarratas a chur isteach gheobhaidh tú fógra de do ráiteas i do bhosca isteach ar mywelfare.ie
Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.