Fianáin a úsáid ar MyWelfare

Comhaid iad fianáin a shábháiltear ar do ghuthán póca, do ríomhaire nó do tháibléad nuair a thugann tú cuairt ar a láithreán gréasáin. Seolann do bhrabhsálaí gréasáin na fianáin seo ar ais chuig an láithreán gréasáin ansin gach uair a dtugtar cuairt air ina dhiaidh sin.

Bailímid fianáin chun eolas a stóráil faoi conas a úsáideann tú MyWelfare, cosúil le do rogha socruithe nó na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu. Cabhraíonn seo linn chun monatóireacht a dhéanamh ar an trácht ar láithreán gréasáin agus chun an t-eispéireas a bhíonn agat den láithreán gréasáin a fheabhsú.

Socraigh do rogha fianán

Nuair a thugann tú cuairt ar MyWelfare den chéad uair, feicfidh tú teachtaireacht a iarrann ort glacadh le fianáin. Má ghlacann tú le fianáin, socrófar fianán a chuireann an rogha a rinne tú chun glacadh leis an úsáid a bhaintear as gach fianán i gcuntas.

Úsáidtear 2 shaghas fianán ar MyWelfare. Tá fianáin áirithe riachtanacha ann ar gá dóibh a bheith ag feidhmiú i gcónaí lena cheadú don láithreán gréasáin feidhmiú faoi mar a bhíonn súil leis. Is é ár réamhshocrú go múchtar aon fhianáin roghnacha mura roghnaíonn tú iad a cheadú. Is féidir leat na fianáin roghnacha seo a mhúchadh nó a chur i bhfeidhm trí na socruithe thíos a úsáid.

Socraigh do rogha fianán

Teastaíonn na fianáin seo chun ár seirbhísí a sholáthar agus teastaíonn siad ó MyWelfare chun feidhmiú i gceart. Mar shampla, ceadaíonn siad duit fanacht logáilte isteach fad a bhrabhsálann tú timpeall ár láithreáin ghréasáin. Ní féidir iad a dhiúltú gan tionchar a imirt ar oibriú MyWelfare agus beidh siad ag feidhmiú i gcónaí.

Fianáin feidhmíochta

Ceadaíonn na fianáin seo dúinn a aithint conas a úsáideann cuairteoirí ár láithreán gréasáin, mar shampla, cén leathanaigh is minice a dtugann cuairteoirí cuairt orthu agus cibé acu an dtagann nó nach dtagann teachtaireachtaí earráide aníos ar leathanaigh ghréasáin áirithe. Cabhraíonn seo linn chun feabhas a chur ar an mbealach a oibríonn ár láithreán gréasáin agus chun feabhas a chur ar d’eispéireas. Ar mhaithe leis an gcuspóir seo, úsáidtear fianáin Anailísíocht Google, Microsoft Insights agus Hotjar ar MyWelfare. Ní bhailíonn na fianáin seo eolas a shainaithníonn an cuairteoir. Déantar an t-eolas seo go léir a bhailíonn na fianáin seo a chomhiomlánú agus ní luaitear ainm leo dá bharr. Is féidir leat a roghnú chun diúltú d’fhianáin feidhmíochta a bheith i bhfeidhm gan tionchar a imirt ar conas a thugann tú cuairt ar MyWelfare.

Fianáin tríú páirtí

Is féidir le láithreáin ghréasáin tríú páirtí na fianáin seo a shocrú agus déanann siad rudaí ar nós a thomhas conas a amharcann tú ar fhíseáin YouTube atá ar MyWelfare. Is féidir leat a roghnú chun diúltú d’fhianáin tríú páirtí gan tionchar a imirt ar conas a thugann tú cuairt ar MyWelfare. Má roghnaíonn tú diúltú dóibh, b’fhéidir nach mbeidh tú ábalta amharc ar na físeáin ar YouTube ar MyWelfare.

Ligeann tromlach na mbrabhsálaithe duit fianáin a mhúchadh nó chun do chuid socruithe
a oiriúnú le haghaidh fianán. Chun teacht ar eolas chun seo a dhéanamh, féach an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara, le do thoil, beidh ort do roghanna fianáin a athnuachan sna cásanna seo a leanas:

  • má dhéanann tú fianáin a scriosadh, a bhlocáil nó a shrianadh
  • má dhéanann tú ríomhaire, gléas nó brabhsálaí Idirlín difriúil a úsáid