Déan iarratas ar líne ar an Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d’Aois le do chuntas MyGovID

Cad é an Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d’Aois?

Íocaíocht é seo a dhéantar le daoine idir 65 agus 66 bliain d’aois nach bhfuil fostaithe nó féinfhostaithe a thuilleadh

Cé ar féidir leis an íocaíocht a fháil?

Is féidir leat an íocaíocht a fháil:

  • Má tá tú idir 65 agus 66 bliain d’aois 
  • Níl fostaíocht nó féinfhostaíocht íoctha agat
  • Sásaíonn tú na Ranníocaíochtaí ÁSPC

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar mhéadú do mo chleithiúnaithe?

Beidh tú incháilithe faoi roinnt cúinsí méadú ar do ráta íocaíochta a fháil bunaithe ar chritéir maidir le haon chleithiúnaithe fásta nó linbh a d’fhéadfadh bheith agat.

Is gnách gur céile nó páirtnéir nó comháitritheoir é cleithiúnach fásta. Is féidir teacht ar eolas breise anseo

Caithfidh cleithiúnaí linbh a bheith faoi 18 mbliana d’aois nó idir 18 agus 22 bliain d’aois má tá siad san oideachas go lánaimseartha. Is féidir teacht ar eolas breise anseo

Cad a theastaíonn uaim chun an fhoirm seo a líonadh?

Do shonraí pearsanta

Beidh ort do sheoladh reatha a sholáthar. Mura bhfuil cuntas deimhnithe MyGovId agat, iarrfar ort sonraí a sholáthar freisin, cosúil le d’uimhir PSP

Do theaghlach

Is féidir eolas a iarraidh ort ar aon pháirtnéir nó leanaí ar mian leat méadú ar íocaíocht a éileamh dóibh

D’fhostaíocht

Iarrfar ort eolas a thabhairt faoi do stair fostaíochta

An bhfuil tú réidh?
Déan Iarratas Anois

Déan iarratas ar líne ar an Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d’Aois le do chuntas MyGovID