Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.
Nóta tábhachtach
Ba é an 30 Meán Fómhair 2026 an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain nua le haghaidh 2026. Níl aon iarratais eile á nglacadh.
Osclófar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le haghaidh 2027 i mí an Mheithimh 2027
Cad é Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil?
Íocaíocht é Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil a chabhraíonn leat íoc as costais éidí agus choisbhirt do leanaí a fhreastalaíonn ar scoil.
Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoin Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil ar gov.ie.
Cé ar féidir leis Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil
B’fhéidir go gcáileoidh tú do Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil má:
- Tá leanbh agat atá idir 2 agus 17 mbliana d’aois nó idir 18 agus 22 bliain d’aois atá in oideachas meánscoile
- Tá íocaíocht cháilitheach á fáil agat ón Roinn seo nó tá tú ag tabhairt faoi chúrsa oiliúna nó scéim fostaíochta fhaofa.
- Tá Méadú do Leanbh Cáilithe á fháil agat (bíonn seo i gceist i bhformhór na gcásanna).
- Sásaíonn tú tástáil mhaoine
Cén ceisteanna a chuirfear ort?
D’éileamh nó sonraí íocaíochta.
Beidh roinnt faisnéise ag teastáil uainn faoin íocaíocht atá á fáil agat faoi láthair.
Sonraí faoi do leanaí
Sonraí ar nós a n-ainmneacha agus a n-uimhreacha PSP.
Do chás airgeadais
Ceisteanna faoi ioncam, coigilteas nó infheistíochtaí a d’fhéadfadh bheith agat féin nó ag do pháirtnéir.
Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.