Beidh cuntas MyGovID  ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad í an Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta?

Is mian leis an rialtas aitheantas a thabhairt d'fhlaithiúlacht na ndaoine a d'oscail a dtithe agus a chuir cóiríocht ar fáil chun daoine a thagann go hÉirinn a óstáil faoi Threoir an AE maidir le Cosaint Shealadach. Is é an íocaíocht ná €800 in aghaidh na maoine sa chás go bhfuil duine amháin den sórt sin ar a laghad á óstáil. Is féidir uasmhéid de 15 réadmhaoin a chur le hiarratas amháin. Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.

Cé atá in ann an Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta a fháil?

Féadtar an íocaíocht seo a fháil:

  • Tá cóiríocht á cur ar fáil (nó curtha ar fáil) agat do dhuine a tháinig go hÉirinn faoi Threoir an AE um Chosaint Shealadach.
  • Comhlíonann an chóiríocht na caighdeáin riachtanacha. Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo
  • Tá do mhaoin i bPoblacht na hÉireann.
  • Tá duine amháin ar a laghad á óstáil ar an lá deireanach den mhí féilire a bhfuil íocaíocht dlite ina leith.

Cad faoi a n-iarrfar ort?

Sonraí Pearsanta

Iarrfar ort sonraí pearsanta fút féin a sholáthar ionas gur féidir linn tú a aithint.

Sonraí Maoine

Beidh ort seoladh na maoine ina bhfuil tú ag óstáil daoine a sholáthar.

Sonraí Cónaitheora

Beidh ort sonraí a sholáthar faoi gach duine atá á óstáil agat, lena n-áirítear a n-ainm, a n-uimhir PSP, an dáta a thosaigh siad ina gcónaí i do chóiríocht óstach agus, más infheidhme, an dáta a scoir tú de gach cónaitheoir a óstáil

An modh íocaíochta

Iarrfar ort do shonraí bainc a sholáthar.

Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta
Déan iarratas anois

Beidh cuntas MyGovID  ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.