Beidh cuntas MyGovID bunúsach nó fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh.

Cad is Pinsean Stáit ann?

Tá dhá phríomhchineál pinsin ann do dhaoine atá 66 bliana d’aois nó níos sine:

  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Stáit Neamhranníocach

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phinsean amháin nó ar an dá phinsean san iarratas seo. Má cháilíonn tú don dá cheann, bronnfaidh an Roinn an íocaíocht atá níos airde ort. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na coinníollacha incháilitheachta do gach pinsean ar gov.ie

Conas ullmhú le haghaidh d’iarratas ar phinsean

Seiceáil do thaifead ranníocaíochta árachais shóisialaigh

Molaimid athbhreithniú a dhéanamh ar do thaifead ranníocaíochta sula ndéanann tú iarratas ar do phinsean. Má tá sé mícheart nó má tá faisnéis ar iarraidh  (mar shampla, tréimhse fostaíochta), d’fhéadfadh sé dul i bhfeidhm ar do theidlíocht pinsinar do ráta íocaíochta.

Cúram ar fáil do leanaí nó do dhaoine eile

Is féidir le Tacaíochtaí Cúraim Pinsin cabhrú leat cáiliú le haghaidh Ranníocaíochta Pinsin Stáit nó do ráta íocaíochta a fheabhsú.

 

Má thug tú cúram lánaimseartha do dhuine eile riamh, nó má ghlac tú am saor ón obair chun aire a thabhairt d o leanaí go lánaimseartha, molaimid iarratas a dhéanamh ar Thacaíochtaí Cúraim Pinsin sula gcuireann tú d’iarratas ar phinsean isteach. 

Cé atá in ann Pinsean Stáit Ranníocach a fháil?

Is féidir go gcáileoidh tú do Phinsean Stáit Ranníocach:

  • má tú 66 bliana d’aois nó níos sine
  • má tú idir 520 agus 2080 ranníocaíocht ináirithe agat (ní mór 520 díobh sin a bheith ina ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ar ráta iomlán íoctha)

 

D’fhéadfá a bheith incháilithe don Phinsean Stáit Ranníocach freisin má tá:

  • 260 ranníocaíocht ar a laghad ar ráta iomlán agat agus a gur oibrigh tú roimhe seo mar státseirbhíseach nó mar sheirbhíseach poiblí, nó;
  • D’oibrigh tú i dtír eile san AE/LEE nó i dtír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialta ag Éirinn léi.

Ní dhéantar tástáil acmhainne ar Phinsean Stáit Ranníocach. Tá rátaí íocaíochta éagsúla i gceist ag brath ar do thaifead ranníocaíochta agus cúinsí eile. 

Ag roghnú cathain is ceart do Phinsean Stáit Ranníocach a éileamh

Má rugadh tú le linn nó tar éis 1958, is féidir leat rogha a dhéanamh tosú ag éileamh do Ranníocach Pinsin Stáit ó aon dáta idir 66 agus 70 bliain d’aois. Molaimid duit iarratas a dhéanamh 6 mhí sular mian leat tosú ag fáil do phinsin.

Is féidir leat dáta tosaithe pinsin a roghnú suas le 6 mhí san am atá caite ó dháta an iarratais. Ní féidir leis an dáta seo titim roimh do 66ú breithlá.

Faigh tuilleadh eolais faoi incháilitheacht ar Phinsean Stáit Ranníocach, dátaí tosaigh agus rátaí íocaíochta ar gov.ie.

Cé atá in ann Pinsean Stáit Neamhranníocach a fháil?

Is féidir go gcáileoidh tú don Phinsean Stáit Neamhranníocach:

  • má tú 66 bliana d’aois nó níos sine
  • go bhfuil cónaí ort go dlíthiúil agus de ghnáth i bPoblacht na hÉireann
  • in ann tástáil acmhainne a shásamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit Neamhranníocach mura bhfuil ndóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh agat nó má cháilíonn tú do ráta laghdaithe Pinsin Stáit Ranníocach.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit Neamhranníocach suas le 6 mhí sula mbeidh tú 66 bliana d’aois. Ní féidir leat éileamh ar Phinsean Stáit Neamhranníocach a chur siar.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi incháilitheacht ar Phinsean Stáit Neamhranníocach agus rátaí íocaíochta ar gov.ie.

Cad a iarrfar ort?

Do chineál pinsin

Iarrfar ort do thaifead ranníocaíochta a dheimhniú agus cén pinsean ar mhaith leat iarratas a dhéanamh air.

Sonraí pearsanta

Cuirfear ceisteanna ort fút féin agus faoi do sheoladh.

Eolas maidir le fostaíocht

B’fhéidir go n-iarrfaí faisnéis ort maidir le fostaíocht reatha agus roimhe seo thar lear.

Liúntais agus sochair

Iarrfar ort ar mhaith leat iarratas a dhéanamh ar liúntais agus sochair bhreise mar chuid de d’iarratas.

Eolas teaghlaigh

Má dhéanann tú iarratas ar Phinsean Stáit Neamhranníocach nó liúntais agus sochair bhreise, cuirfear ceist ort faoi do stádas caidrimh. D’fhéadfaí ceist a chur ort freisin faoi do leanaí agus faoi aon duine eile i do theaghlach.

Eolas maidir le cúrsaí airgeadais

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Phinsean Stáit Neamhranníocach nó liúntais agus sochair bhreise, d’fhéadfaí iarraidh ort faisnéis agus cáipéisíocht a sholáthar d’aon ioncam, coigilteas nó infheistíochtaí a d’fhéadfadh a bheith agat féin agus ag do pháirtí.

Déan iarratas
Déan iarratas anois

Beidh cuntas MyGovID bunúsach nó fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh.