Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.
Cad í an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht?
Is í an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht ná íocaíocht sheachtainiúil atá saor ó cháin d’fhostaithe a bhfuil leanaí acu. Féadfaidh duine amháin sa líon tí an íocaíocht seo a fháil.
Cé a fhéadfaidh Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht a fháil?
Féadfaidh tú Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht a fháil
- Má tá leanbh amháin nó breis agus leanbh amháin agat
- Má oibríonn tú 38 n-uaire an chloig nó níos mó in aghaidh na coicíse i bhfostaíocht ar phá. Féadfaidh tú thairis sin d'uaireanta seachtainiúla an chloig a chur le huaireanta an chloig a oibríonn do pháirtnéir chun cabhrú ó thaobh na riachtanais a chomhlíonadh
- Tugann áireamh maidir le d’ioncam teaghlaigh le fios go bhfuil sé faoi thairseach áirithe. Déan seiceáil ar an tábla thíos le haghaidh teorainneacha ioncaim
- Má táthar ag súil leis go leanfaidh d'fhostaíocht go ceann 3 mhí ar a laghad
- Más tusa saothraí an ioncaim is airde sa chaidreamh
I dtaca leis na treoirlínte ar an scéim, féach www.gov.ie, le do thoil
Fógra Liúntais Breosla
Beidh faighteoirí na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ÍTF) i dteideal Liúntas Breosla (LB), faoi réir coinníollacha cáilitheacha, ón Déardaoin, an 1 Eanáir 2026, mar a fógraíodh i mBuiséad 2026.
Ní gá d’fhaighteoirí na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht iarratas a dhéanamh ar liúntas breosla. Má leanann tú den Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht a fháil i mí Eanáir 2026, íocfaimid an liúntas breosla go huathoibríoch mura bhfuil aon duine eile de do theaghlach ag fáil an liúntais breosla. Eiseofar an íocaíocht Liúntais Breosla do chustaiméirí na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht i mí an Mhárta/mí Aibreáin 2026 agus áireofar aon riaráiste don tréimhse ó mhí Eanáir leis.
Teorainneacha ioncaim d'Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht
Teorainneacha ioncaim d'Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht ón 2 Eanáir 2025
| Méid an Teaghlaigh | Teorainn Ioncaim Sheachtainiúil Teaghlaigh | Teorainn Ioncaim Bhliantúil Teaghlaigh |
| Páiste amháin | €705 | €36,660 |
| Beirt pháistí | €806 | €41,912 |
| Triúr páistí | €907 | €47,164 |
| Ceathrar páistí | €998 | €51,896 |
Tá tuilleadh eolais faoi threoirlínte ioncaim do theaghlaigh níos mó ar fáil ar gov.ie
Cad iad na rudaí a bhfiafrófar díot fúthu?
Féadfar fiafraí díot faoin eolas seo a leanas:
Do shonraí
Ceisteanna fút féin, faoi do leanaí agus faoi do stádas caidrimh.
Fostaíocht
Ceisteanna faoi d'fhostaíocht. Ceanglófar ort na sonraí de do dhuillín pá is déanaí a chur isteach. Bainfidh sé seo le do pháirtnéir fresin, más cuí.
Foghlaim a thuilleadh faoin áit ar féidir teacht ar na figiúirí cuí i do dhuillín pá
Do chúrsaí airgid
Ceisteanna faoi aon ioncam a fhéadfaidh a bheith agat nó ag do pháirtnéir (más cuí).
Sonraí bainc
Ceanglófar ort ainm agus IBAN do chuntais a chur isteach.
Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.