Beidh cuntas fíoraithe MyGovID ag teastáil uait chun do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan.
Cén fáth a bhfuil gá le do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan?
Cuidíonn an Cárta Seirbhísí Poiblí leat rochtain a fháil ar raon seirbhísí poiblí ar bhealach éasca agus sábháilte. Más custaiméir Saorthaistil tú, teastaíonn Cárta Seirbhísí Poiblí bailí uait chun an tseirbhís a úsáid.
Ionas nach gcuirfear isteach ar sheirbhísí, moltar duit do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan sula rachaidh sé in éag.
Cliceáil anseo chun níos mó a fhoghlaim faoin gCárta Seirbhísí Poiblí.
Cé atá in ann a gCárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan ag úsáid MyWelfare?
Féadfaidh tú do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan ar Líne más rud é:
- Go bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí agat atá le dul in éag sna 90 lá atá amach romhainn nó atá imithe in éag cheana féin
- Go bhfuil tú 18 mbliana d’aois nó níos sine
- Go bhfuil tú i do chónaí in aon cheann den 32 chontae in Éirinn
- Gur chuir tú an Roinn ar an eolas faoi aon athrú ar d’ainm, ó eisíodh do Chárta Seirbhísí Poiblí deireanach
Cén cineál grianghraf is gá dom a uaslódáil?
Ní mór don ghrianghraf na caighdeáin chéanna is atá i gceist le grianghraf pas a chomhlíonadh. Ionas go nglacfar leis, ní mór na nithe seo a leanas a chinntiú maidir le do ghrianghraf:
- Ní mór don ghrianghraf d’íomhá a ghabháil ó cheann go lár na cabhlach
- Ní mór spás infheicthe a bheith idir do cheann agus do ghualainn agus imeall do ghrianghraif
- Bíodh cúlra simplí, dathéadrom agat (Níl cúlra le patrún/painéalta inghlactha)
- Bíodh d’aghaidh agus súile go hiomlán infheicthe gan aon spéaclaí á gcaitheamh agat. Féach go díreach i dtreo an cheamara
- Níl pictiúr de phictiúr ceadaithe
- Ní ghlacfar le grianghraf atá breisithe go digiteach
- Bíodh soilsiú cothrom agat gan aon scáil
- Bíodh gotha gnúise simplí agus béal dúnta agat
- Bíodh an grianghraf i bhformáid JPEG nó JPG bunaidh
- Ba cheart gur grianghraf daite é
- Ba cheart dó a bheith ar a laghad 715 ar leithead x 951 picteilín ar airde
- Ba cheart dó a bheith 10 MB nó níos lú
Tá tuilleadh eolais faoin gcineál grianghraif nach mór duit a uaslódáil le fáil san fhíseán seo.
Cad is gá dom a dhéanamh chun mo Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan?
Caithfidh cuntas MyGovID fíoraithe a bheith agat
Is féidir leat do chuntas a fhíorú ar MyGovID.
Deimhnigh do chuid sonraí pearsanta
Ar mhaithe le slándáil beidh orainn a dhearbhú go bhfuil do chuid faisnéise pearsanta ceart.
Deimhnigh do sheoladh
Beidh orainn go ndearbhaíonn tú go bhfuil tú i do chónaí ag an seoladh céanna.
Uaslódáil grianghraf digiteach a tógadh le déanaí
Iarrfar ort grianghraf le déanaí a uaslódáil a chomhlíonann critéir áirithe cosúil le grianghraf pas.
Cén fáth a gcaithfidh mé grianghraf a tógadh le déanaí a sholáthar?
Beidh do ghrianghraf le feiceáil ar do Chárta Seirbhísí Poiblí. Toisc go bhfuil roinnt blianta caite ó eisíodh do chárta deireanach, teastaíonn grianghraf nua a léiríonn an chaoi a bhfuil tú faoi láthair.
Cad ba cheart dom a dhéanamh má chailltear mo Chárta Seirbhísí Poiblí?
Má tá do Chárta Seirbhísí Poiblí caillte, goidte nó millte, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh láithreach le Deasc Chabhrach an Chárta Seirbhísí Poiblí ag 0818 387000
Conas a dhéantar an t-eolas a chuirtear ar fáil do mo Chárta Seirbhísí
Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an gcaoi a stórálann an rialtas faisnéis phearsanta tabhair cuairt ar Gov.ie SAFE registration.
Beidh cuntas fíoraithe MyGovID ag teastáil uait chun do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan.