Conas an miondealú ar d’íocaíocht a thuiscint
Seo a leanas téarmaí a d’fhéadfá a fheiceáil sa mhiondealú ar d’íocaíocht, conas ciall a bhaint astu agus cén áit ar féidir a thuilleadh eolais orthu a fháil.
Ráta comhréidh
Is éard atá i do ráta comhréidh ná an gnáthmhéid airgid atá á fháil agat go hiondúil.
Riaráiste
Is éard is riaráiste ann ná airgead atá dlite duit, agus a bhfuil an Roinn á íoc leat.
Liúntas breosla
Is éard is Liúntas Breolsa ann ná íocaíocht fhorlíontach faoi Scéim Náisiúnta an Bhreosla chun cabhrú ó thaobh an chostais a bhaineann le do bhaile cónaithe a théamh i rith mhíonna an Gheimhridh.
Acmhainn
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar íocaíocht chúnaimh shóisialaigh, ní foláir duit tástáil acmhainne a chomhlíonadh. Measúnaítear na foinsí go léir de d’ioncam (mar shampla, ioncam airgid thirim, fostaíocht, caipiteal agus cothabháil) agus baintear de d’íocaíocht é mar acmhainn.
Fiachas
Bainfear fiachas de d’íocaíocht má tugadh ró-íocaíocht duit nó má tá airgead dlite ort a íoc leis an Roinn.
Asbhaint Íocaíochta ar leith
Seo asbhaint de do Cháin Mhaoine Áitiúil ó d’íocaíocht leasa shóisialaigh a íoctar ansin leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Íocaíocht Eisceachtúil
Seo íocaíocht aonuaire a dhéanann an Roinn leat faoi dhálaí eisceachtúla.
Thuilleadh eolais
Tá a thuilleadh eolais ar fáil ag www.welfare.ie