Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh.
Cad é Ráiteas d’Íocaíochtaí?
Taifead den mhéid atá íoctha duit ag an Roinn Coimirce Sóisialta i dtréimhse ama sainithe is ea ráiteas d’íocaíochtaí.
Beidh miondealú sa ráiteas ar gach scéim maidir leis an méid a fuarthas agus dátaí an Ráitis a iarradh.
Cé is féidir leis Ráitis d’Íocaíochtaí a fháil?
Is féidir le custaiméirí a bhfuil cuntas MyGovID deimhnithe acu ráiteas d’íocaíochtaí a iarraidh.
Tabhair faoi deara
Is féidir rochtain a fháil ar ráitis íocaíochta le haghaidh íocaíochtaí atá faighte tar éis 1 Iúil 2013 ar MyWelfare. Le haghaidh íocaíochtaí roimh an dáta seo, déan teagmháil le d'Ionad Intreo nó Oifig Brainse.
Conas a gheobhaidh mé mo ráiteas cuntais?
Tamall beag tar éis duit iarratas a chur isteach gheobhaidh tú fógra de do ráiteas i do bhosca isteach ar MyWelfare.
Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh.