Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad é Sochar Máithreachais?

Is íocaíocht é an Sochar Máithreachais, a thugtar do dhaoine fostaithe agus féinfhostaithe atá ag iompar clainne, d’fhonn cabhrú leo iad féin a choimeád ag imeacht agus iad as láthair óna gcuid oibre de bharr saoire mháithreachais. Tá sé ar fáil más rud é gur chuir tú deireadh le d’fhostaíocht le déanaí freisin.

Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi Shochar Máithreachais ar gov.ie.

Cé is féidir Sochar Máithreachais a fháil?

D'fhéadfá Sochar Máithreachais a fháil má:

  • Tá tú torrach nó tar éis leanbh a thabhairt ar an saol.
  • Tá tú i bhfostaíocht nó féinfhostaithe, nó i ndiaidh stopadh ag obair le déanaí
  • Tá go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat.
  • Tá MB2 comhlánaithe agat ó d'fhostóir, nó má tá tú féinfhostaithe, tá MB3 comhlánaithe agat ó do Dhochtúir

Conas ullmhú do d’iarratas ar Shochar Máithreachais

Tá dhá chuid i gceist le hiarratas ar Shochar Máithreachais:

Nóta tábhachtach:

Is é an bealach is tapúla chun cinneadh a fháil maidir le d’éileamh ná an fhoirm MB2 nó MB3 a uaslódáil le d’iarratas ar líne. Ní phróiseálfar d’iarratas go dtí go mbeidh d’fhoirm MB2 nó MB3 faighte. Má chuireann tú d’fhoirm isteach tríd an bpost nó trí ríomhphost, tabhair am breise chun í a phróiseáil.

Cén fhaisnéis a n-iarrfar ort?

Féadfar go bhfiosrófar thú faoi fhaisnéis maidir le:

Do chuid mionsonraí

Ceisteanna fútsa féin, do sheoladh, aon leanaí atá agat agus do stádas muintearais.

Sonraí fostaíochta

Ceisteanna maidir le do chuid fostaíochta agus an tsaoire ón bhfostaíocht lena bhfuil tú ag súil.

Sochar Máithreachais
Déan Iarratas Anois

Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.