Cén fáth cuntas MyGovID atá fíoraithe a fháil?

Is féidir leat leas iomlán a bhaint as na buntáistí ar fad a bhaineann le MyWelfare trí do chuntas MyGovID a dheimhniú.

Buntáistí a bhaineann le cuntas fíoraithe a bheith agat:

  • Féach ar agus bainistigh d’éilimh ar líne
  • Féach ar do stair íocaíochta
  • Caidreamh sábháilte agus slán le hoifigigh
  • Rochtain ar sheirbhísí uile MyWelfare ar líne
  • Foirmeacha iarratais agus athnuachana pearsantaithe atá níos giorra agus níos tapúla

 

Cad atá de dhíth agam?

Chun do chuntas MyGovID a fhíorú beidh an méid seo a leanas ag teastáil uait:

 

Abair nach bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí agat?

Is féidir cárta seirbhísí poiblí a fháil ar líne nó i bpearsa.

Déantar an rogha ar líne tríd an aip MyGovID a úsáid. Is féidir leat Cárta Seirbhísí Poiblí agus cuntas fíoraithe MyGovID a fháil tríd an bpróiseas seo.

Abair nach bhfuil m’uimhir fóin fhíoraithe?

Déantar d'uimhir fóin a fhíorú le linn do choinne CSP nó le linn d’ama ar líne.

d’athraigh tú d’uimhir fóin ó sin, is féidir d’uimhir a fhíorú trí ghlao a chur ar an bhfoireann tacaíochta ar 0818 927 999.

Chun do chuntas MyGovID a fhíorú

  • Logáil isteach ar do chuntas bunúsach MyGovID
  • Cliceáil an cnaipe Fíoraigh do Chuntas
  • Cuir eolas do chárta CSP isteach

Seolfar cód chuig d’uimhir fóin fhíoraithe. Nuair a fhaigheann tú an cód 6-dhigit, cuir isteach an cód agus beidh cuntas fíoraithe agat.