Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad é Athraigh mo Mhodh Íocaíochta?

Is bealach é Athraigh mo Mhodh Íocaíochta chun an Roinn ar chur ar an eolas gur mian leat go n-íocfar thú isteach i gcuntas bainc difriúil

Cad iad na híocaíochtaí leasa shóisialaigh is féidir liom a athrú?

Níl gach íocaíocht leasa shóisialaigh ar fáil le hathrú ar MyWelfare, féach an liosta thíos d'íocaíochtaí na scéime atá ar fáil.

Scéimeanna ar fáil trí Athraigh mo Mhodh Íocaíochta.

Liúntas Cúramóra
Sochar Cúramóra
Sochar Linbh
Deontas Tacaíochta do Chúramóirí
Liúntas Míchumais
Liúntas Cúraim Baile
Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)
Íocaíocht Caomhnóra (Neamh-Ranníocach)
Sochar Teaghlaigh
Sochar Breoiteachta/Sochar Díobhála
Pinsean Easláine
Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora
Pinsean Stáit (Ranníocach)
Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
An Pinsean (Ranníocach) Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtí Sibhialta Marthanach
An Pinsean (Neamh-ranníocach) Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtí Sibhialta Marthanach.

Mura bhfuil do scéim liostaithe thuas, d’fhéadfadh go mbeadh an rogha chun do mhodh íocaíochta a nuashonrú ar fáil trí ‘Bainistigh m’éileamh’ ar do chuntas.

Cad a theastaíonn uaim?

Cuntas Fíoraithe MyGovID

Beidh cuntas fíoraithe MyGovID ag teastáil uait chun an tseirbhís a rochtain. Is féidir é seo a chruthú ag www.mygovid.ie.

Sonraí Cuntais

Beidh ainm an chuntais, BIC agus IBAN an chuntais ar mhaith leat a ainmniú ag teastáil uait.

Scéim

Bíodh a fhios agat cén scéim ar mhaith leat na hathruithe seo a dhéanamh léi.

Athraigh mo mhodh íocaíochta
Tosaigh anois

Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.