Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil fadhb theicniúil againn faoi láthair leis an mbosca saorthéascs i Modúl “Cúis an Achomhairc”. Sa mhodúl sin, cuirfear in iúl duit go bhfuil teorainn 2,500 carachtar, níl sé sin ag feidhmiú mar a bheifí ag súil leis, áfach, agus ní cheadaítear ach 1,520 carachtar. Gheobhaidh tú teachtaireacht earráide má sháraíonn tú an méid sin, agus ní bheidh tú in ann leanúint le d’iarratas. Ná sáraigh 1,520 carachtar, le do thoil.   Más mian leat téacs breise a chur leis is féidir leat é seo a dhéanamh tríd an modúl uaslódála doiciméad. Táimid ag obair faoi láthair chun an fhadhb sin a réiteach.

Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun an tseirbhís seo a úsáid. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad is achomharc ann?

Mura n-aontaíonn tú le cinneadh a rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí, is féidir leat iarraidh ar Oifigeach Achomhairc an cinneadh a sheiceáil. Tugtar achomharc a dhéanamh air seo. Agus achomharc á dhéanamh caithfidh tú an méid nach n-aontaíonn tú leis sa chinneadh a lua agus fíricí nó cruthúnas a thabhairt a thacaíonn le do thuairim.

Tá Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh freagrach as seiceáil an raibh cinneadh a rinneadh ar theidlíochtaí leasa shóisialaigh ceart. Is féidir tuilleadh eolais faoin bpróiseas achomhairc a fháil anseo.
Is féidir tuilleadh eolais faoin bpróiseas achomhairc a fháil anseo.

Cad is féidir liom achomharc dhéanamh air?

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh a rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí má cheapann tú nach bhfuil sé ceart. Is féidir leat féachaint ar liosta cinntí ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith ag www.gov.ie/swao.

Ar mhaith leat go ndéanfadh duine éigin ionadaíocht ort le linn an phróisis achomhairc?

Mura n-aontaíonn tú le cinneadh a rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí, is féidir leat iarraidh ar Oifigeach Achomhairc an cinneadh a sheiceáil. Tugtar achomharc a dhéanamh air seo. Agus achomharc á dhéanamh caithfidh tú an méid nach n-aontaíonn tú leis sa chinneadh a lua agus fíricí nó cruthúnas a thabhairt a thacaíonn le do thuairim. Tá Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh freagrach as seiceáil an raibh cinneadh a rinneadh ar theidlíochtaí leasa shóisialaigh ceart. Is féidir tuilleadh eolais faoin bpróiseas achomhairc a fháil anseo.

Más mian leat ionadaí a chur isteach, beidh ort litir atá sínithe agat féin a chur ar fáil ina mbeidh sonraí an duine ar mian leat gníomhú ar do shon. Beidh ort a n-ainm, an eagraíocht ina n-oibríonn siad (más infheidhme), a seoladh poist, a seoladh ríomhphoist agus a n-uimhir theileafóin a thabhairt. Nó is féidir leat an litir leis na sonraí seo a chur sa phost chuig Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh más fearr leat. 

Cad is gá dom a dhéanamh chun achomharc a dhéanamh?

Na forais nó na cúiseanna le d'achomharc a dhéanamh

Tabhair, le do thoil, na cúiseanna nach n-aontaíonn tú leis an gcinneadh a bhfuil tú ag déanamh achomhairc ina choinne.

 

Ní mór duit fíricí nó doiciméid a thacaíonn le do chúiseanna a thabhairt. Ba cheart go mbeadh siad seo sa bhreis ar an méid a thug tú don Oifigeach 

Liosta na ndoiciméad a thacaíonn le d'achomharc

Liostaigh na doiciméid atá á n-uaslódáil agat chun tacú leis na cúiseanna atá agat le d'achomharc

Is é an bealach is éasca le hachomharc a dhéanamh ná ar MyWelfare. Is féidir leat achomharc a dhéanamh freisin tríd an bpost. Tabhair cuairt ar an láithreán gréasáin gov.ie chun eolas a fháil ar conas achomharc a dhéanamh tríd an bpost.

Réidh?
Achomharc a dhéanamh

Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun an tseirbhís seo a úsáid. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.