Eolas d'Oibrithe san Earnáil Oideachais

Is éard is Oibrí san Earnáil Oideachais (OEO) ann ná duine a bhfuil a phost bunaithe ar an scoilbhliain nó ar an mbliain acadúil.

Próiseas an iarratais:

  • Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht cuardaitheora poist ná iarratas a dhéanamh ar líne. Is féidir leat iarratas a dhéanamh trí MyWelfare trí chuntas MyGovID fíoraithe a úsáid.

  • Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar do chéad lá dífhostaíochta, mar ní féidir d’éileamh a phróiseáil roimh an dáta sin.

  • Nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh agat ar Chuardaitheoirí Poist ar bhonn asleagan sealadach de bharr tréimhsí saoire scoile nó coláiste, don cheist “An oibrí séasúrach thú?”, d’fhreagrófá ‘Nílim’,
    agus don cheist “An bhfuil post agat nach bhfaigheann tú pá le linn laethanta saoire scoile nó coláiste?” d’fhreagrófá ‘Tá’.

Fostóir:

  • Beidh ort a fháil amach cé hé d’fhostóir – b’fhéidir go bhfuil tú fostaithe go díreach ag do scoil nó do choláiste nó ag an mBord Oideachais agus Oiliúna (BOO) nó ag an Roinn Oideachais agus Óige.

  • Mura bhfuil tú cinnte, féach ar dhuillín pá le déanaí ina bhfuil ainm d’fhostóra nó déan teagmháil le riarthóir do scoile.

Laethanta saoire íoctha:

  • Mar chuid den iarratas cuardaitheora poist, iarrfar ort sonraí a sholáthar faoi aon laethanta saoire íoctha. Is féidir le d’fhostóir sonraí a sholáthar faoi aon laethanta saoire íoctha le linn na tréimhse leagan as.

Mar sin féin, mura bhfuil tú fostaithe go díreach ag an Roinn Oideachais agus Óige, ní gá duit an fhaisnéis seo a sholáthar agus d’éileamh á dhéanamh agat.

Dáta filleadh ar an obair:

  • Tabhair dáta Filleadh ar an Obair, más ann dó, agus iarratas á dhéanamh agat.

Cód tagartha:

  • Ba chóir an Cód Tagartha ESWA2026 a iontráil nuair a iarrtar é toisc go gcuideoidh sé linn d’éileamh a phróiseáil go tapa.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar thacaíochtaí cuardaitheora poist, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh ar íocaíocht, ar www.gov.ie