Cárta Seirbhísí Poiblí a fháil ar líne tríd an Aip
Má tá fón cliste agat is féidir leat iarraidh ar Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) ar líne agus cuntas MyGovID fíoraithe trí úsáid a bhaint as an aip MyGovID. Leis an aip MyGovID, ligtear duit do chéannacht a dheimhniú ar líne ag úsáid d'fhóin chliste.
Tá an tseirbhís nua seo ar fáil duit:
- má tá tú i do chónaí in Éirinn
- má tá pas Éireannach reatha agat
- má tá tú 16 bliana d'aois nó níos sine
- cuntas bunúsach MyGovID a bheith agat
- murar iarr tú ar CSP roimhe
Is féidir leat an aip MyGovID a íoslódáil ar d'fhón cliste Apple nó Android.
Nuair a bheidh d'iarratas ar líne deimhnithe ag oifigeach
Gheobhaidh úsáideoirí an aip an méid seo a leanas:
- Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) sa phost
- Cuntas MyGovID fíoraithe
Murar féidir linn d'iarratas ar líne a phróiseáil, cuirfear in iúl duit cén fhaisnéis is gá duit a thabhairt leat chun an próiseas a chur i gcrích ag ionad Clárúcháin Cárta Seirbhísí Poiblí/SAFE.