Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh.
Cad é an Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d’Aois?
Íocaíocht é seo a dhéantar le daoine idir 65 agus 66 bliain d’aois nach bhfuil fostaithe nó féinfhostaithe a thuilleadh
Cé ar féidir leis an íocaíocht a fháil?
Is féidir leat an íocaíocht a fháil:
- Má tá tú idir 65 agus 66 bliain d’aois
- Níl fostaíocht nó féinfhostaíocht íoctha agat
- Sásaíonn tú na Ranníocaíochtaí ÁSPC
An féidir liom iarratas a dhéanamh ar mhéadú do mo chleithiúnaithe?
Beidh tú incháilithe faoi roinnt cúinsí méadú ar do ráta íocaíochta a fháil bunaithe ar chritéir maidir le haon chleithiúnaithe fásta nó linbh a d’fhéadfadh bheith agat.
Is gnách gur céile nó páirtnéir nó comháitritheoir é cleithiúnach fásta. Is féidir teacht ar eolas breise anseo
Caithfidh cleithiúnaí linbh a bheith faoi 18 mbliana d’aois nó idir 18 agus 22 bliain d’aois má tá siad san oideachas go lánaimseartha. Is féidir teacht ar eolas breise anseo
Cad a theastaíonn uaim chun an fhoirm seo a líonadh?
Do shonraí pearsanta
Beidh ort do sheoladh reatha a sholáthar.
Do theaghlach
Is féidir eolas a iarraidh ort ar aon pháirtnéir nó leanaí ar mian leat méadú ar íocaíocht a éileamh dóibh.
D’fhostaíocht
Iarrfar ort eolas a thabhairt faoi do stair fostaíochta.