Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.
Cad í Íocaíocht Chuardaitheora Poist?
Is éard atá inti ná íocaíocht do dhaoine atá as obair nó atá tar éis a bheith curtha ar obair pháirtaimseartha, chun tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad ag cuardach oibre.
Má chailleann tú do phost, ba cheart duit iarratas a chur isteach ar Íocaíocht Chuardaitheora Poist chomh luath is gur féidir.
Má éiríonn le d’iarratas, déanfar íocaíochtaí go seachtainiúil chuig an Oifig Poist áitiúil agat agus beidh tú in ann í a bhailiú ach do Chárta Seirbhísí Poiblí a thaispeáint.
Cé is féidir Íocaíocht Chuardaitheora Poist a fháil?
Is féidir leat Íocaíocht Chuardaitheora Poist a fháil más rud:
- Go bhfuil tú 18 mbliana d’aois nó os a cionn
- Go bhfuil tú in ann obair a dhéanamh
- Go bhfuil tú i mbun obair a chuardach
- Maidir le Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa, tá a ndóthain ranníocaíochtaí ÁSPC agat agus tá tú dífhostaithe go hiomlán
- Maidir le Sochar Cuardaitheora Poist, tá a ndóthain ranníocaíochtaí ÁSPC agat agus tá tú fostaithe go páirtaimseartha nó is oibrí séasúrach tú.
- I gcás Liúntais Cuardaitheora Poist, go n-éiríonn leat tástáil mhaoine a shásamh
Treorófar tú chuig an iarratas cuí ón liosta thuas ag brath ar thoradh seiceála incháilitheachta.
Cad a iarrfar ort?
D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí eolas faoi na nithe seo a leanas ort:
Cáilitheacht
Ceisteanna faoi do chineál oibre agus faoin uair dheireanach ar oibrigh tú. Beidh seiceáil incháilitheachta ar an leathanach seo chun tú a threorú chuig an iarratas ceart Cuardaitheora Poist.
Do chuid mionsonraí
Ceisteanna fútsa féin, do sheoladh, aon leanaí atá agat agus do stádas muintear.
Eolas fostaíochta agus oiliúna
Ceisteanna faoi do stair fostaíochta, oiliúna agus oideachais.
An Coinníoll Gnáthchónaithe
Ceisteanna maidir le cé chomh fada agus atá cónaí ort in Éirinn, do thréimhse i do chónaí i dtíortha eile, agus, ag brath ar do chúinsí, sonraí faoi do chearta chun cónaí sa tír.
Eolas airgeadais a bhaineann leat
Ceisteanna faoi aon ioncaim, coigiltis nó infheistíochtaí atá agat nó ag do pháirtí.
Gheobhaidh tú seirbhísí anseo a chabhróidh leat filleadh ar obair
Tá roinnt bealaí gur féidir leis an Roinn cabhrú leat fostaíocht a fháil.
Cliceáil anseo chun níos mó a fhoghlaim faoi na tacaíochtaí atá ar fáil
Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.