Cad is Uimhir PSP ann?

Is uimhir thagartha uathúil í d’Uimhir PSP, a chabhraíonn leat rochtain a fháil ar shochair leasa shóisialaigh agus ar sheirbhísí agus eolas poiblí in Éirinn. Tá seacht n-uimhir chomh maith le litir amháin nó dhá litir ina ndiaidh sin i ngach uimhir PSP.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP?

Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Níor eisíodh Uimhir PSP chugat roimhe seo.
  • Tá tú i do chónaí in Éirinn nó tá seoladh Éireannach agat.
  • Tá cúis bhailí agat le hiarratas a dhéanamh. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh Uimhir PSP ag teastáil uait chun cáin a íoc agus tú ag tosú ar phost. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar son do linbh, d’fhéadfadh sé go mbeadh Uimhir PSP ag teastáil ón leanbh sin chun tosú ar scoil. Ní gá Uimhir PSP a bheith agat más rud é nach ach ag lorg oibre atá tú.

Faigh tuilleadh eolais ag gov.ie faoi cathain a theastaíonn Uimhir PSP.


Is féidir leat iarratas a dhéanamh duit féin nó do do leanbh. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar do shon féin agus ar son do linbh ag an am céanna freisin. 

Cá bhfaighidh mé Uimhir PSP atá ann cheana?

Má tá tú ag filleadh ar Éirinn, b’fhéidir go bhfuil Uimhir PSP agat cheana féin, mar sin ní gá duit iarratas a dhéanamh ar cheann nua.

Taispeántar an Uimhir PSP ar na doiciméid seo a leanas:

  • Cárta Seirbhísí Poiblí nó Cárta Seirbhísí Sóisialta
  • Cárta leighis nó cárta cuairte DG
  • Cárta Eorpach um Árachas Sláinte
  • Cárta na Scéime Íocaíochtaí Drugaí
  • Litreacha ón Roinn Coimirce Sóisialaí nó na Coimisinéirí Ioncaim
  • Duillíní pá ó d’fhostóir in Éirinn 

Mura féidir leat d'Uimhir PSP a aimsiú ar aon cheann de na doiciméid sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’ionad Intreo áitiúil nó le d’oifig bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil chun í a sheiceáil.

Cad a iarrfar ort?

Cuntas bunúsach MyGovID

Ní mór duit clárú le haghaidh cuntas bunúsach MyGovID chun rochtain a fháil ar an tseirbhís seo. Is féidir leat ceann a chruthú ar MyGovID

Cúis le hiarratas a dhéanamh

Iarrfar ort cúis a thabhairt le hiarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar son do linbh, beidh ort cúis lena (h)iarratas a thabhairt freisin. 

Do shonraí pearsanta

Iarrfar ort sonraí pearsanta a sholáthar freisin, ionas gur féidir linn thú a aithint.

Sonraí an linbh, más cuí

Iarrfar ort sonraí pearsanta do linbh a sholáthar freisin más ar a s(h)on atá iarratas ar Uimhir PSP á dhéanamh agat.

Doiciméid

Beidh ort doiciméid a sholáthar le haghaidh d’iarratais ar Uimhir PSP. Faigh amach ag gov.ie cad iad na doiciméid a bheidh ort a chur ar fáil anseo.

Tabhair faoi deara go mbeidh coinne i bpearsa ag teastáil le haghaidh d’iarratais Uimhir PSP. Ní mór duit an t-iarratas ar líne a chomhlánú ina iomláine.  Déanfaidh An Roinn Coimirce Sóisialaí athbhreithniú ar d’iarratas agus déanfaidh siad teagmháil leat maidir le sonraí do choinne i bpearsa. 

Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP)
Déan Iarratas Anois

Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas MyGovID agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.