Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.
Céard is Liúntas Cúraim Bhaile ann?
Íocaíocht mhíosúil atá sa Liúntas Cúraim Bhaile (LCB) le haghaidh linbh faoi bhun 16 bliana atá faoi mhíchumas trom. Ní mór i bhfad níos mó cúraim agus aire leanúnaí a bheith de dhíth ar an leanbh ná mar a bhíonn de dhíth de ghnáth ar leanbh atá den aois chéanna.
Cé atá in ann Liúntas Cúraim Bhaile a fháil?
Tá incháilitheacht don Liúntas Cúraim Bhaile bunaithe ar leibhéal an chúraim agus na haire a dteastaíonn ón leanbh mar gheall ar a míchumas nó a mbreoiteacht. Níl sé bunaithe ar an gcineál míchumais nó breoiteachta atá ar an leanbh.
Chun cáiliú don Liúntas Cúraim Bhaile, ní mór don leanbh:
- a bheith faoi bhun 16 bliana d'aois
- a bheith ina gcónaí in Éirinn;
- míchumas trom a bheith orthu ar dócha go gcuirfidh sé isteach orthu ar feadh 12 mhí ar a laghad
- bhfad níos mó cúraim agus aire leanúnaí a bheith de dhíth orthu i gcomparáid leis an gcúram agus an aire a theastaíonn ó leanbh den aois chéanna de ghnáth
- cónaí a bheith orthu leis an duine a bhfuil Liúntas Cúraim Bhaile á éileamh acu ar feadh 5 lá sa tseachtain ar a laghad.
Tá roinnt eisceachtaí ann, mar shampla mura bhfuil tuismitheoirí an linbh ina gcónaí le chéile nó má fhreastalaíonn an leanbh ar chúram cónaitheach go páirtaimseartha.
Ní mór don duine a bhfuil Liúntas Cúraim Bhaile á éileamh acu:
- cúram a sholáthar don leanbh
- cónaí rialta a bheith orthu i bPoblacht na hÉireann
Níl aon choinníollacha ÁSPC ann don Liúntas Cúraim Bhaile agus ní dhéantar tástáil acmhainne air. Is féidir leat tuilleadh eolaisar cé atá incháilithe don Liúntas Cúraim Bhaile a fháil ar gov.ie.
Conas ullmhú le haghaidh d’iarratas ar Liúntas Cúraim Bhaile:
Iarr ar dhochtúir teaghlaigh nó ar speisialtóir leighis an linbh an Fhoirm Leighis don Liúntas Cúraim Bhaile a chomhlánú (DCAMed1)
Ní mór duit Foirm Leighis don Liúntas Cúraim Bhaile (DCAMed1) chomhlánaithe a sholáthar mar chuid de d’iarratas. Tá an fhoirm DCAMed1 ar fáil le híoslódáil ar gov.ie.
Mura bhfuil an Fhoirm Leighis don Liúntas Cúraim Bhaile (DCAMed1) comhlánaithe ag do dhochtúir nó do speisialtóir go fóill, is féidir leat leanúint ar aghaidh le d’iarratas. Mar sin féin, ní mór an fhoirm chomhlánaithe DCAMed1 a sholáthar laistigh de 21 lá ó d’iarratas a chur isteach.
Tá trí bhealach ann d’Fhoirm Leighis don Liúntas Cúraim Bhaile (DCAMed1) a chur isteach:
1. An fhoirm a huaslódáil le d’iarratas
2. An fhoirm a huaslódáil ar an tseirbhís Bainistigh m’Éileamh ar dheais do chuntais MyWelfare. Beidh sé seo ar fáil tar éis duit d’iarratas a chur isteach.
3. An fhoirm a sheoladh chuig an seoladh thíos
Seoladh poist:
Rannóg an Liúntais Cúram Baile,
Foirgnimh Rialtais an Roinn Coimirce Sóisialaí,
Bóthar Bhéal Átha na Lao,
An Longfort,
N39 E4E0
Tabhair faoi deara: Ní féidir linn d’iarratas a phróiseáil go dtí go mbeidh d’Fhoirm Leighis don Liúntas Cúraim Baile (DCAMed1) chomhlánaithe faighte againn.
Is féidir leat tuairiscí breise ó theiripeoirí, speisialtóirí nó comhairleoirí a uaslódáil nó a phostáil freisin, má tá siad agat.
Cad a iarrfar ort?
Seoladh
Iarrfar ort do sheoladh reatha a dheimhniú.
Sonraí an linbh
Iarrfar ort sonraí pearsanta an linbh a sholáthar, lena n-áirítear an áit a bhfuil cónaí orthu agus aon socruithe cúraim thar oíche.
Sonraí Leighis
Iarrfar ort Foirm Leighis ar Liúntas Cúraim Bhaile (DCAMed1) chomhlánaithe a sholáthar ó dhochtúir teaghlaigh nó ó speisialtóir leighis an linbh.
Faisnéis faoin gCúram
Iarrfar ort sonraí a thabhairt maidir leis an gcúram a theastaíonn ón leanbh agus faoin tionchar a bhíonn ag an gcúram sin ar an saol laethúil.
Sonraí agus tuairiscí teiripe
Iarrfar ort sonraí a thabhairt faoi aon teiripeoirí, speisialtóirí nó comhairleoirí a gcuireadh do leanbh ar aghaidh chucu. Iarrfar ort aon tuairiscí atá agat ó na hatreoruithe sin a sholáthar.
Oideachas agus cúram leanaí
Iarrfar ort freisin sonraí a thabhairt faoi riachtanais oideachais agus cúraim leanaí an linbh.
Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.