Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Céard is Liúntas Cúraim Bhaile ann?

Íocaíocht mhíosúil atá sa Liúntas Cúraim Bhaile (LCB) le haghaidh linbh faoi bhun 16 bliana atá faoi mhíchumas trom. Ní mór i bhfad níos mó cúraim agus aire leanúnaí a bheith de dhíth ar an leanbh ná mar a bhíonn de dhíth de ghnáth ar leanbh atá den aois chéanna.

Cé atá in ann Liúntas Cúraim Bhaile a fháil?

Tá incháilitheacht don Liúntas Cúraim Bhaile bunaithe ar leibhéal an chúraim agus na haire a dteastaíonn ón leanbh mar gheall ar a míchumas nó a mbreoiteacht. Níl sé bunaithe ar an gcineál míchumais nó breoiteachta atá ar an leanbh.

Chun cáiliú don Liúntas Cúraim Bhaile, ní mór don leanbh:

  • a bheith faoi bhun 16 bliana d'aois
  • a bheith ina gcónaí in Éirinn;
  • míchumas trom a bheith orthu ar dócha go gcuirfidh sé isteach orthu ar feadh 12 mhí ar a laghad
  • bhfad níos mó cúraim agus aire leanúnaí a bheith de dhíth orthu i gcomparáid leis an gcúram agus an aire a theastaíonn ó leanbh den aois chéanna de ghnáth
  • cónaí a bheith orthu leis an duine a bhfuil Liúntas Cúraim Bhaile á éileamh acu ar feadh 5 lá sa tseachtain ar a laghad.Tá roinnt eisceachtaí ann, mar shampla mura bhfuil tuismitheoirí an linbh ina gcónaí le chéile nó má fhreastalaíonn an leanbh ar chúram cónaitheach go páirtaimseartha. 

Ní mór don duine a bhfuil Liúntas Cúraim Bhaile á éileamh acu:

  • cúram a sholáthar don leanbh
  • cónaí rialta a bheith orthu i bPoblacht na hÉireann

Níl aon choinníollacha ÁSPC ann don Liúntas Cúraim Bhaile agus ní dhéantar tástáil acmhainne air. Is féidir leat tuilleadh eolaisar cé atá incháilithe don Liúntas Cúraim Bhaile a fháil ar gov.ie.

Conas ullmhú le haghaidh d’iarratas ar Liúntas Cúraim Bhaile:

Iarr ar dhochtúir teaghlaigh nó ar speisialtóir leighis an linbh an Fhoirm Leighis don Liúntas Cúraim Bhaile a chomhlánú (DCAMed1)

Ní dhéanfar d’iarratas a mheas muna bhfuil Foirm Leighis Liúntais Cúraim Baile (DCAMed1) ina theannta. Tá an fhoirm DCAMed1 ar fáil le híoslódáil ar gov.ie.

Tá trí bhealach ann d’Fhoirm Leighis don Liúntas Cúraim Bhaile (DCAMed1) a chur isteach:
1.    An fhoirm a huaslódáil le d’iarratas
2.    An fhoirm a huaslódáil ar an tseirbhís Bainistigh m’Éileamh ar dheais do chuntais MyWelfare. Beidh sé seo ar fáil tar éis duit d’iarratas a chur isteach.
3.    An fhoirm a sheoladh chuig an seoladh thíos

Seoladh poist:
Rannóg an Liúntais Cúram Baile,
Foirgnimh Rialtais an Roinn Coimirce Sóisialaí, 
Bóthar Bhéal Átha na Lao,
An Longfort,
N39 E4E0

Nóta tábhachtach: 

Is é bealach is tapa chun cinneadh a fháil maidir le d’éileamh ná an fhoirm DCAMed1 a uaslódáil i dteannta d’iarratais ar líne. Má roghnaíonn tú an fhoirm sin a uaslódáil nó a chur sa phost tar éis duit d’iarratas ar líne a chur isteach, beidh moill maidir leis an bpróiseáil agus le cinneadh a dhéanamh. Mura gcuirtear foirm DCAMed1 ar fáil taobh istigh de 21 lá tar éis duit d’iarratas ar líne a chur isteach, déanfar d’éileamh a tharraingt siar agus beidh ort tús a chur le hiarratas nua.

Is féidir leat tuairiscí breise ó theiripeoirí, speisialtóirí nó comhairleoirí a uaslódáil nó a phostáil freisin, má tá siad agat.

Doiciméid a uaslódáil chuig d’iarratas:

Ní féidir ach comhaid PDF amháin a uaslódáil mar chuid den iarratas seo. Ní féidir comhaid níos mó ná 10MB a uaslódáil. Mura bhfuil rochtain agat ar scanóir, lean na treoirlínte thíos le PDF a chruthú le d’fhón cliste.

D’fhón cliste a úsáid chun PDF a chruthú:

Scan na doiciméid chun PDF a chruthú le Android Doiciméad a scanadh le fón Android chun doiciméid a uaslódáil chuig MyWelfare

Scan na doiciméid chun PDF a chruthú le iPhone Doiciméad a scanadh le iPhone chun doiciméid a uaslódáil chuig MyWelfare

Tá tuilleadh eolais maidir le conas doiciméad a ullmhú agus a uaslódáil ar fáil ar gov.ie.

Cad a iarrfar ort?

Seoladh

Iarrfar ort do sheoladh reatha a dheimhniú.

Sonraí an linbh

Iarrfar ort sonraí pearsanta an linbh a sholáthar, lena n-áirítear an áit a bhfuil cónaí orthu agus aon socruithe cúraim thar oíche. 

Sonraí Leighis

Iarrfar ort Foirm Leighis ar Liúntas Cúraim Bhaile (DCAMed1) chomhlánaithe a sholáthar ó dhochtúir teaghlaigh nó ó speisialtóir leighis an linbh.

Faisnéis faoin gCúram

Iarrfar ort sonraí a thabhairt maidir leis an gcúram a theastaíonn ón leanbh agus faoin tionchar a bhíonn ag an gcúram sin ar an saol laethúil. 

Sonraí agus tuairiscí teiripe

Iarrfar ort sonraí a thabhairt faoi aon teiripeoirí, speisialtóirí nó comhairleoirí a gcuireadh do leanbh ar aghaidh chucu. Iarrfar ort aon tuairiscí atá agat ó na hatreoruithe sin a sholáthar.

Oideachas agus cúram leanaí

Iarrfar ort freisin sonraí a thabhairt faoi riachtanais oideachais agus cúraim leanaí an linbh.

Liúntas Cúraim Bhaile
Déan Iarratas Anois

Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.