Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.
Cad is Sochar Cúramóra ann?
Is é atá sa Sochar Cúramóra ná íocaíocht do dhaoine a fhágann an obair nó a laghdaíonn a n-uaireanta oibre chun aire a thabhairt do dhuine a bhfuil aire lánaimseartha de dhíth air nó uirthi. Tá Sochar Cúramóra bunaithe ar do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC). Ní íocaíocht de réir tástála acmhainne í ach tá teorainn leis an méid is féidir leat a thuilleamh ó fhostaíocht nó ó fhéinfhostaíocht. Cuimsíonn an t-iarratas ar Shochar Cúramóra Saoire Cúramóra.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi Shochar Cúramóra ar gov.ie.
Cé atá in ann Sochar Cúramóra a fháil?
Chun cáiliú do Shochar Cúramóra, ní mór duit:
- A bheith 16 mbliana d’aois nó níos sine
 - Na coinníollacha ranníocaíochta árachais shóisialaigh (ÁSPC) a chomhlíonadh
 - A bheidh fostaithe ar feadh 8 seachtaine ar a laghad sa tréimhse ama roimhe de 26 seachtain, ar feadh 16 uair an chloig gach seachtain nó ar feadh 32 uair an chloig gach coicís ar a laghad (ní gá duit an coinníoll sin a chomhlíonadh más rud é go raibh Sochar Cúramóra á fháil agat sna 26 seachtain roimhe sin)
 - 35 uair an chloig ar a laghad d’aire lánaimseartha a thabhairt do dhuine eile thar 5 lá ar a laghad in aghaidh na seachtaine
 - Gan níos mó ná an teorainn ioncaim sheachtainiúil a thuilleamh. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi theorainneacha ioncaim ar gov.ie.
 - Gan bheith i do chónaí in ospidéal, i dteach téarnaimh nó i suíomh cúraim dá samhail
 - Gan bheith fostaithe, féinfhostaithe, ag déanamh obair dheonach, oiliúint nó aon chúrsaí oideachais le haghaidh iomlán de níos mó ná 18.5 uair an chloig sa tseachtain
 
Meastar duine mar dhuine a bhfuil aire agus cúram lánaimseartha ag teastáil uaidh nó uaithi sna cásanna seo a leanas:
- nuair a theastaíonn maoirseacht leanúnach uaidh nó uaithi chun contúirt nó díobháil dó nó di féin a sheachaint, nó
 - nuair a theastaíonn maoirseacht leanúnach uaidh nó uaithi i rith an lae le gnáthfheidhmeanna coirp (mar shampla, ithe, ól, ní agus gléasadh)
 
Is féidir leis an duine a dtugann tú aire dó nó di freastal ar oiliúint athshlánúcháin neamhchónaithe nó ar ionad cúraim lae. Mar sin féin, ní féidir cónaí a bheith ar an duine in ospidéal, i dteach téarnaimh nó i suíomh cúraim dá samhail.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chóireáil ospidéil agus faoin Sochar Cúramóra a fháil inár dTreoirlínte Oibriúcháin ar gov.ie.
An chaoi le hullmhú le haghaidh d’iarratais ar Shochar Cúramóra:
Tá an t-iarratas ar Shochar Cúramóra comhdhéanta de chodanna iomadúla. Ní dhéanfar measúnú ar d’iarratas mura soláthraíonn tú an méid seo a leanas:
- An t-iarratas ar líne seo agus é comhlánaithe agatsa.
 - An fhoirm liachta pháipéir (CARMed1) agus í comhlánaithe ag dochtúir an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dó nó di. Má tá tú ag tabhairt aire do dhuine faoi 16 agus má tá Liúntas Cúraim Baile á íoc don duine sin, ní iarrfar ort foirm chomhlánaithe CARMed1 a chur ar fáil. Tá an fhoirm CARMed1 ar fáil le híoslódáil ar gov.ie.
 - Deimhniú Fostóra (CARB-ER1) comhlánaithe d’aon phost a bhí agat le 6 mhí anuas. Tá an fhoirm CARB-ER1 ar fáil le híoslódáil ar gov.ie.
 - Teastas Oideachais (CAR-ED1) comhlánaithe má tá tú i mbun oiliúna nó oideachais faoi láthair. Tá an fhoirm CAR-ED1 ar fáil le híoslódáil ar gov.ie.
 
Tá trí bhealach ann chun na foirmeacha CARMed1, CARB-ER1 agus CAR ED1 a sholáthar:
- Uaslódáil le d’iarratas iad
 - Uaslódáil tríd an tseirbhís Bainistigh M’Éileamh ar dheais do chuntais MyWelfare iad. Beidh sé sin ar fáil tar éis duit d’iarratas a chur isteach.
 - Cuir sa phost chuig an seoladh thíos iad
 
Seoladh poist:
Rannóg an tSochair Cúramóra,
Foirgnimh Rialtais na Roinne Coimirce Sóisialaí,
Bóthar Bhéal Átha an Lao,
An Longfort,
N39 E4E0
Nóta tábhachtach:
Is é an bealach is tapa chun cinneadh a fháil maidir le d’éileamh ná na foirmeacha CARMed1, CARB-ER1 agus CAR-ED1 a uaslódáil i dteannta d’iarratais ar líne. Má roghnaíonn tú na foirmeacha sin a uaslódáil nó a chur sa phost tar éis duit d’iarratas ar líne a chur isteach, beidh moill maidir leis an bpróiseáil agus le cinneadh a dhéanamh. Mura gcuirtear na foirmeacha sin ar fáil laistigh de 21 lá tar éis duit d’iarratas ar líne a chur isteach, déanfar d’éileamh a tharraingt siar agus beidh ort tús a chur le hiarratas nua.
Tacaíochtaí Cúraim Eile:
Liúntas Cúramóra
Is é atá sa Liúntas Cúramóra ná íocaíocht le daoine ar ioncaim ísle atá ag tabhairt aire do dhuine óna dteastaíonn cúram lánaimseartha mar gheall ar aois, ar mhíchumas nó ar thinneas (meabhairghalar san áireamh). Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cúramóra ar MyWelfare.
Saoire Cúramóra
Ligeann Saoire Cúramóra d’fhostaithe an obair a fhágáil go sealadach chun aire lánaimseartha a thabhairt do dhuine óna dteastaíonn sé. Is féidir leat Saoire Cúramóra a ghlacadh fiú mura gcáilíonn tú do Shochar Cúramóra nó do Liúntas Cúramóra. Tabhair cuairt ar gov.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh ar Shaoire Cúramóra amháin.
Deontas Tacaíochta do Chúramóirí
Is íocaíocht bhliantúil é an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí a dhéantar le cúramóirí a fhaigheann Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Baile. Is féidir é a íoc freisin le cúramóirí eile a thugann aire lánaimseartha do dhaoine. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin Deontas Tacaíochta do Chúramóirí ar gov.ie.
Cad a iarrfar ort?
Sonraí pearsanta
Iarrfar ort do sheoladh reatha a dhearbhú agus uimhreacha PSP a sholáthar d’aon leanaí cleithiúnacha ar mhaith leat iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Tacaíochta Leanaí ina leith
Gaol
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí, iarrfar ort stádas do chaidrimh a dhearbhú. Má tá páirtí agat, iarrfar ort sonraí a bhaineann le hioncam an duine sin a sholáthar freisin.
Fostaíocht agus oiliúint
Iarrfar ort sonraí a sholáthar faoi aon fhostaíocht nó féinfhostaíocht a bhí agat le 6 mhí anuas. Iarrfar ort freisin a dhearbhú an bhfuil tú i mbun oiliúna nó oideachais faoi láthair.
Faisnéis faoin gcúram
Iarrfar ort sonraí pearsanta a sholáthar faoin duine atá faoi do chúram. Áirítear leis na sonraí sin a gcúinsí maireachtála agus a riachtanais chúraim. Iarrfar ort freisin Foirm Leighis Cúramóra chomhlánaithe (CARMed1) a sholáthar.
Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.