Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad is Liúntas Cúramóra ann?

Is é atá sa Liúntas Cúramóra ná íocaíocht le daoine ar ioncaim ísle atá ag tabhairt aire do dhuine óna dteastaíonn cúram lánaimseartha mar gheall ar aois, ar mhíchumas nó ar thinneas (meabhairghalar san áireamh).

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi Liúntas Cúramóra ar gov.ie.

Cé atá in ann Liúntas Cúramóra a fháil?

Chun cáiliú do Liúntas Cúramóra, ní mór duit:

  • A bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine
  • A bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn
  • Tástáil acmhainne a chomhlíonadh
  • 35 uair an chloig ar a laghad d’aire a thabhairt do dhuine eile thar 5 lá ar a laghad in aghaidh na seachtaine
  • Gan bheith i do chónaí in ospidéal, i dteach téarnaimh nó i suíomh cúraim dá samhail
  • Gan bheith fostaithe, féinfhostaithe, ag déanamh obair dheonach, oiliúint nó aon chúrsaí oideachais le haghaidh iomlán de níos mó ná 18.5 uair an chloig sa tseachtain

Caithfidh an duine dá dtugann tú aire a bheith:

  • 16 bliana d’aois nó níos sine, agus aire agus cúram lánaimseartha de dhíth air nó uirthi ar feadh 12 mhí ar a laghad, nó
  • Faoi bhun 16 bliana d’aois, agus Liúntas Cúraim Baile á íoc

Meastar duine mar dhuine a bhfuil aire agus cúram lánaimseartha ag teastáil uaidh nó uaithi sna cásanna seo a leanas:

  • nuair a theastaíonn maoirseacht leanúnach uaidh nó uaithi chun contúirt nó díobháil
    air nó uirthi féin a sheachaint, nó
  • nuair a theastaíonn maoirseacht agus tacaíocht leanúnach uaidh nó uaithi i rith an lae le gnáthfheidhmeanna coirp (mar shampla, ithe, ól, ní agus gléasadh)

Is féidir leis an duine a dtugann tú aire dó nó di freastal ar oiliúint athshlánúcháin neamhchónaithe nó ar ionad cúraim lae. Mar sin féin, ní féidir cónaí a bheith ar an duine in ospidéal, i dteach téarnaimh nó i suíomh cúraim dá samhail.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chóireáil ospidéil agus faoin Liúntas Cúramóra a fháil inár dTreoirlínte Oibriúcháin ar gov.ie.

An chaoi le hullmhú le haghaidh d’iarratais ar Liúntas Cúramóra:

Tá an t-iarratas ar Liúntas Cúramóra comhdhéanta de chodanna iomadúla. Ní dhéanfar measúnú ar d’iarratas mura soláthraíonn tú an méid seo a leanas:

  1. An t-iarratas ar líne seo agus é comhlánaithe agatsa.
  2. An fhoirm liachta pháipéir (CARMed1) agus í comhlánaithe ag dochtúir an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dó nó di. Má tá tú ag tabhairt aire do dhuine éigin faoi bhun 16 bliana d’aois, níl an fhoirm sin ag teastáil; ní mór an Liúntas Cúraim Baile a bheith á íoc áfach sular féidir an Liúntas Cúramóra a bhronnadh ort. Tá an fhoirm CARMed1 ar fáil le híoslódáil ar gov.ie.
  3. Deimhniú Fostóra (CA-ER1) comhlánaithe do gach post atá agat faoi láthair. Ní gá duit an fhoirm sin a sholáthar mura bhfuil tú fostaithe. Tá an fhoirm CA-ER1 ar fáil le híoslódáil ar gov.ie.
  4. Teastas Oideachais (CAR-ED1) comhlánaithe má tá tú i mbun oiliúna nó oideachais faoi láthair. Tá an fhoirm CAR-ED1 ar fáil le híoslódáil ar gov.ie.

trí bhealach ann chun na foirmeacha CARMed1, CA-ER1 agus CAR ED1 a sholáthar:

  1. Uaslódáil le d’iarratas iad
  2. Uaslódáil tríd an tseirbhís Bainistigh M’Éileamh ar dheais do chuntais MyWelfare iad. Beidh sé sin ar fáil tar éis duit d’iarratas a chur isteach.
  3. Cuir sa phost chuig an seoladh thíos iad

Seoladh poist:
An Rannóg Liúntais Cúramóra,
Foirgnimh Rialtais na Roinne Coimirce Sóisialaí,
Bóthar Bhéal Átha an Lao,
An Longfort,
N39 E4E0

Nóta tábhachtach:

Is é an bealach is tapa chun cinneadh a fháil maidir le d’éileamh ná na foirmeacha CARMed1, CA-ER1 agus CAR-ED1 a uaslódáil i dteannta d’iarratais ar líne. Má roghnaíonn tú na foirmeacha sin a uaslódáil nó a chur sa phost tar éis duit d’iarratas ar líne a chur isteach, beidh moill maidir leis an bpróiseáil agus le cinneadh a dhéanamh. Mura gcuirtear na foirmeacha sin ar fáil laistigh de 21 lá tar éis duit d’iarratas ar líne a chur isteach, déanfar d’éileamh a tharraingt siar agus beidh ort tús a chur le hiarratas nua.

Íocaíochtaí Cúraim Eile:

Sochar Cúramóra

Is íocaíocht é Sochar Cúramóra atá ar fáil do dhaoine a fhágann an obair nó a laghdaíonn a n-uaireanta oibre chun aire a thabhairt do dhuine a bhfuil aire lánaimseartha de dhíth air nó uirthi. Tá an íocaíocht bunaithe ar do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC). Ní íocaíocht de réir tástála acmhainne í ach tá teorainn leis an méid is féidir leat a thuilleamh ó fhostaíocht nó ó fhéinfhostaíocht. Cuimsíonn an t-iarratas ar Shochar Cúramóra Saoire Cúramóra. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Cúramóra ar MyWelfare.

Saoire Cúramóra

Ligeann Saoire Cúramóra d’fhostaithe an obair a fhágáil go sealadach chun aire lánaimseartha a thabhairt do dhuine óna dteastaíonn sé. Is féidir leat Saoire Cúramóra a ghlacadh fiú mura gcáilíonn tú do Shochar Cúramóra nó do Liúntas Cúramóra. Tabhair cuairt ar gov.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh ar Shaoire Cúramóra amháin.

Deontas Tacaíochta do Chúramóirí

Is íocaíocht bhliantúil é an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí a dhéantar le cúramóirí a fhaigheann Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Baile. Is féidir é a íoc freisin le cúramóirí eile a thugann aire lánaimseartha do dhaoine. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin Deontas Tacaíochta do Chúramóirí ar gov.ie.

Cad a iarrfar ort?

Sonraí pearsanta

Iarrfar ort do sheoladh reatha, do stádas caidrimh agus má tá aon leanaí cleithiúnacha agat a dhearbhú. Má tá páirtí nó leanaí cleithiúnacha agat, iarrfar ort a nUimhreacha PSP a sholáthar

An Coinníoll Gnáthchónaithe

Iarrfar ort sonraí faoi thíortha eile a sholáthar má bhí cónaí ort lasmuigh d’Éirinn le 5 bliana anuas. Iarrfar ort freisin a dhearbhú an dteastaíonn Cead Cónaithe Éireannach uait chun cónaí agus oibriú in Éirinn.

Fostaíocht agus oiliúint

Cuirfear ceist ort maidir le do stádas fostaíochta reatha. Iarrfar ort freisin a dhearbhú an bhfuil tú i mbun oiliúna nó oideachais faoi láthair.

Faisnéis faoin gcúram

Iarrfar ort sonraí pearsanta a sholáthar faoin duine atá faoi do chúram. Áirítear leis na sonraí sin a gcúinsí maireachtála agus a riachtanais chúraim. Má tá tú ag tabhairt aire do dhuine atá 16 bliana d’aois nó níos sine, iarrfar ort Foirm Leighis Cúramóra (CARMed1) chomhlánaithe a sholáthar.

Faisnéis airgeadais

Iarrfar ort sonraí a sholáthar maidir le haon ioncam, coigilteas nó infheistíochtaí atá agat féin nó ag do pháirtí.

Liúntas Cúraim Bhaile
Déan Iarratas Anois

Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.