Liúntas Cúraim Bhaile

Is íocaíocht mhíosúil é Liúntas Cúraim Baile, a dhéantar le cúramóir linbh atá faoi mhíchumas trom agus a chónaíonn sa bhaile.

Sochar Cúramóra

Is é atá sa Sochar Cúramóra ná íocaíocht do dhaoine a fhágann an obair nó a laghdaíonn a n-uaireanta oibre chun aire a thabhairt do dhuine a bhfuil aire lánaimseartha de dhíth air nó uirthi. Tá Sochar Cúramóra bunaithe ar do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC)

Liúntas Cúramóra

Is é atá sa Liúntas Cúramóra ná íocaíocht le daoine ar ioncaim ísle atá ag tabhairt aire do dhuine óna dteastaíonn cúram lánaimseartha mar gheall ar aois, ar mhíchumas nó ar thinneas (meabhairghalar san áireamh).