Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun an tseirbhís seo a úsáid.

Cad is achomharc ann?

Mura n-aontaíonn tú le cinneadh a rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí, is féidir leat a iarraidh go ndéanfaí an cinneadh a sheiceáil arís. Tugtar achomharc a dhéanamh ar seo. Tá Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh freagrach as seiceáil an raibh cinneadh a rinneadh ar theidlíochtaí leasa shóisialaigh ceart. Is féidir tuilleadh eolais faoin bpróiseas achomhairc a fháil anseo.

Cé atá in ann stádas achomhairc a fheiceáil?

Má tá achomharc curtha isteach agat ar MyWelfare nó tríd an bpost chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh is féidir leat stádas reatha an achomhairc a fheiceáil anseo ar MyWelfare le cuntas fíoraithe MyGovID.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas achomhairc, tabhair cuairt ar www.gov.ie/swao

Stádas m'achomhairc
Seiceáil Anois

Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun an tseirbhís seo a úsáid.