Cathain ba chóir dom achomharc a dhéanamh?

Má fuair tú cinneadh ar éileamh ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh ina choinne a chreideann tú a bheith mícheart, is féidir leat a iarraidh go ndéanfadh Oifigeach Achomhairc seiceáil ar an gcinneadh laistigh de 60 lá ón gcinneadh.


Conas is féidir liom faisnéis bhreise a chur le m’achomharc?

Ar líne
Is féidir leat tuilleadh eolais a chur le d’achomharc trí dhoiciméid bhreise a uaslódáil ar líne le cuntas MyGovID fíoraithe. Ba chóir go mbeadh cárta achomhairc le feiceáil ar phainéal do chuntais úsáideora nó sa mhol Achomharc féin. Is féidir leat cliceáil ar an gcnaipe ‘Bainistigh m’achomharc’ ar an gcárta achomhairc agus tabharfaidh sé sin an rogha duit doiciméid bhreise a uaslódáil chuig d’achomharc.

É a dhéanamh tríd an bpost
Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat na doiciméid a sheoladh sa phost chuig:
 
Roinn Achomharc Ar Líne
Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh
Teach D’Olier, Sráid D’Olier
Baile Átha Cliath 2, D02 XY31

Cuir d’uimhir PSP ar gach doiciméad a chuirtear isteach.


D’éirigh le m’achomharc, cathain a gheobhaidh mé m’íocaíocht?

Má rinne tú d’iarratas éilimh ar líne
Má tá cuntas MyGovID fíoraithe agat, ba cheart duit litir chinnidh nua a fháil ón Roinn i do bhosca isteach fógraí MyWelfare leis an bhfaisnéis riachtanach uile maidir le híocaíocht. 

Mura ndearna tú d’iarratas éilimh ar líne. Mura ndearna tú d’iarratas ar líne, gheobhaidh tú litir chinnidh sa phost ina mbeidh na sonraí a bhaineann le d’íocaíocht.

Saincheisteanna Íocaíochta
Má tá saincheist agat maidir le d’íocaíocht, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an rannóg ábhartha den Roinn Coimirce Sóisialaí agus/nó le d’Ionad Intreo áitiúil. Ní dhéileálann an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh le híocaíochtaí agus ní féidir leo cúnamh a thabhairt leis an ábhar seo.


Diúltaíodh do m’achomharc, cad is féidir liom a dhéanamh anois?

Athbhreithniú ar Chinntí
 
Athbhreithniú ag Oifigeach Achomhairc nó ag Príomh-Oifigeach Achomhairc
Is gnách go mbíonn cinneadh an Oifigigh Achomhairc críochnaitheach agus dochloíte. Mar sin féin, má tá fíricí nua nó fianaise nua agat nár tugadh don Oifigeach Achomhairc agus atá ábhartha ar an dáta a ndearna tú an t-éileamh, féadfaidh tú athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh ar Oifigeach Achomhairc. Féadfaidh an Príomhoifigeach Achomhairc athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an Oifigigh Achomhairc freisin má fheictear dó/di go raibh an cinneadh earráideach mar gheall ar bhotún maidir leis na fíricí nó leis an dlí (Alt 318).

I gceachtar cás, ba cheart don duine lena mbaineann ráiteas i scríbhinn a thíolacadh ar na forais ar a bhfuil athbhreithniú ar an gcinneadh á lorg agus aon fhianaise nua nár breithníodh roimhe seo a áireamh. I gcás iarratais faoi Alt 317, is féidir foirm iarratais SWAO2 a úsáid. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas anseo. Ní féidir an próiseas seo a dhéanamh ar líne.

I ngach nós imeachta, cloítear go hiomlán le prionsabail an cheartais aiceanta agus, dá mba rud é go mbeadh leas ábhartha ag athbhreithniú den sórt sin do dhuine éigin eile lena mbaineann, tabharfar deis don duine eile sin tuairim a thabhairt.

Is féidir iarratas a chur isteach faoi Alt 317 tríd an bhfoirm SWAO 2 comhlánaithe a sheoladh sa phost chuig:
An Rannóg Cumarsáide
Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh
Teach D’Olier, Sráid D’Olier
Baile Átha Cliath 2, D02 XY31

Is féidir iarratas a chur isteach faoi alt 318 tríd an iarratas a sheoladh sa phost chuig:
An Príomhoifigeach Achomhairc
Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh
Teach D’Olier, Sráid D’Olier
Baile Átha Cliath 2, D02 XY31

Cuir d’uimhir PPS ar do ráiteas agus ar aon fhianaise nua nó doiciméid tacaíochta, le do thoil.


Cén fáth nach féidir liom achomharc a dhéanamh i gcoinne éilimh nó cinneadh scéime?

Critéir Achomhairc
I gcás íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe, níl aon phróiseas achomhairc foirmiúil i bhfeidhm mar gheall ar an gcaoi a riartar agus a bhronntar na héilimh seo. Mar thoradh air sin, ní féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir leis na híocaíochtaí seo.

Cliceáil anseo le do thoil chun liosta iomlán d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh nach bhfuil san áireamh sa phróiseas achomhairc a fheiceáil.

Más féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne na scéime agus má tá forais agus cúiseanna leordhóthanacha curtha ar fáil agat le haghaidh d’achomhairc, glacfar leis

Cad is féidir liom a dhéanamh anois?
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh maidir le híocaíocht nach bhfuil clúdaithe ag an bPróiseas Achomhairc Leasa Shóisialaigh, is féidir leat a iarraidh go ndéanfadh an rannóg sa Roinn Coimirce Sóisialaí a dhéileáil le d’iarratas athbhreithniú díreach ar an gcinneadh.


Cad iad na roghanna eile atá ar fáil dom?

Is féidir leat athbhreithniú ar an gcinneadh faoi d’éileamh bunaidh a iarraidh ón Roinn Coimirce Sóisialaí tráth ar bith.


Conas is féidir liom m’achomharc a aistarraingt nó a dhúnadh?

Ar líne
Má tá cuntas MyGovID fíoraithe agat, is féidir leat d’achomharc a aistarraingt tráth ar bith anseo ar MyWelfare. Ba chóir go mbeadh cárta achomhairc le feiceáil ar phainéal do chuntais úsáideora nó sa mhol Achomharc féin. Is féidir leat cliceáil ar an gcnaipe ‘Bainistigh m’achomharc’ ar an gcárta achomhairc agus tabharfaidh sé sin an rogha duit d’achomharc a tharraingt siar.


É a dhéanamh tríd an bpost
Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat, féadfaidh tú d’achomharc a dhúnadh ach é a chur in iúl don Oifig Achomhairc i scríbhinn. Seol an t-iarratas chuig:

Rannóg na n-aistarraingtí
Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh
Teach D’Olier, Sráid D’Olier
Baile Átha Cliath 2, D02 XY31


Cuir isteach d’uimhir PPS ar d’iarratas scríofa ar aistarraingt, le do thoil.


Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir an gníomh seo a chealú nuair a tharraingítear siar é.