Íocaíochtaí na Nollag
Athrófar dátaí íocaíochta i mí na Nollag mar gheall ar Laethanta Saoire Poiblí. Chun do chuid íocaíochtaí a fháil in am, cinntigh le do thoil go leanann tú na treoirlínte thíos chun do phatrúin oibre a chur isteach i gceart. Déan cinnte cuir isteach a chliceáil agus fan don teachtaireacht buíochais roimh gach spriocdháta.
Is é an bealach is éasca chun aon chur isteach ar d’íocaíocht a sheachaint ná:
• Cuir ceist ar d'fhostóir mar gheall ar do phatrún oibre a bhfuiltear ag súil leis do mhí na Nollag.
• Don 9/10 Nollaig, cuir do phatrún ar fáil faoin 12 Nollaig ar 4pm. Íocfar an íocaíocht don tseachtain sin mar is gnách ar an 16 Nollaig.
• Don 16/17 Nollaig, 23/24 Nollaig agus 30/31 Nollaig iarrfarar na custaiméirí Cuardaitheora Poist páirtaimseartha uile na patrúin oibre a bhfuiltear ag súil leo a sholáthar Dé Máirt an 16 Nollaig ar 4pm nó roimhe sin chun a chinntiú go bhfaightear a n-íocaíochtaí in am.
• Déanfar íocaíochtaí do na seachtainí an 16 nó an 17 Nollaig agus an 23 nó an 24 Nollaig roimh ré, Dé hAoine an 19 Nollaig.
• Íocfar an íocaíocht don 30/31 Nollaig ar an 6 Eanáir.
• Tabhair an t-eolas sin go léir le do thoil faoi Dé Máirt an 16 Nollaig faoi 4pm (1 ghnáthsheachtain agus 2 sheachtain amach anseo).
Mura féidir leat do phatrún oibre ionchais a chur ar fáil roimh an spriocdháta seo, is féidir é a chur isteach mar is gnách gach seachtain. Mar sin féin, beidh moill ar íocaíochtaí na seachtaine sin go dtí tar éis na Nollag. Sa chás sin ba cheart duit do phatrún a chur isteach agus dul i dteagmháil le d'oifig áitiúil.
Má bhí aon athruithe ar an bpatrún oibre ionchais a chuir tú isteach, ba cheart duit na sonraí a chuir ar fáil sa cheist "Athrú Cúinsí" i mí Eanáir.