Conas an miondealú ar d’íocaíocht a thuiscint

Seo a leanas téarmaí a d’fhéadfá a fheiceáil sa mhiondealú ar d’íocaíocht, conas ciall a bhaint astu agus cén áit ar féidir a thuilleadh eolais orthu a fháil. 

 

Ráta comhréidh

Is éard atá i do ráta comhréidh ná an gnáthmhéid airgid atá á fháil agat go hiondúil.

 

Riaráiste

Is éard is riaráiste ann ná airgead atá dlite duit, agus a bhfuil an Roinn á íoc leat.

 

Liúntas breosla

Is éard is Liúntas Breolsa ann ná íocaíocht fhorlíontach faoi Scéim Náisiúnta an Bhreosla chun cabhrú ó thaobh an chostais a bhaineann le do bhaile cónaithe a théamh i rith mhíonna an Gheimhridh.

 

Acmhainn

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar íocaíocht chúnaimh shóisialaigh, ní foláir duit tástáil acmhainne a chomhlíonadh. Measúnaítear na foinsí go léir de d’ioncam (mar shampla, ioncam airgid thirim, fostaíocht, caipiteal agus cothabháil) agus baintear de d’íocaíocht é mar acmhainn.

 

Fiachas

Bainfear fiachas de d’íocaíocht má tugadh ró-íocaíocht duit nó má tá airgead dlite ort a íoc leis an Roinn.

 

Asbhaint Íocaíochta ar leith

Dá mba rud é gur roghnaigh tú go ndéanfaí d’íocaíocht a scoilteadh idir do pháirtnéir agus tú féin, d’fheicfeá asbhaint íocaíochta ar leith i d’íocaíocht. 

 

Asbhaint den Cháin Mhaoine Áitiúil

Seo asbhaint de do Cháin Mhaoine Áitiúil ó d’íocaíocht leasa shóisialaigh a íoctar ansin leis na Coimisinéirí Ioncaim.

 

Íocaíocht Eisceachtúil

Seo íocaíocht aonuaire a dhéanann an Roinn leat faoi dhálaí eisceachtúla.

 

Tá a thuilleadh eolais ar fáil ag www.welfare.ie