Íocaíochtaí na Nollag

De bharr Saoire Phoiblí i mí na Nollag, beidh na dátaí íocaíochta difriúil. Le cinntiú go bhfaigheann tú íocaíocht in am an mhí seo, lean na treoracha thíos chun do phatrúin oibre a chur isteach i gceart. Déan cinnte cuir isteach a chliceáil agus fan don teachtaireacht buíochais roimh gach spriocdháta.

An bealach is éasca chun cur isteach ar d'íocaíocht a sheachaint ná,

  • Cuir ceist ar d'fhostóir mar gheall ar do phatrún oibre a bhfuiltear ag súil leis do mhí na Nollag.
  • Ar an 12ú/ 13ú Nollaig, ina theannta le do ghnáthsheachtain, iarradh ort do phatrúin oibre ionchais a sholáthar le haghaidh na coicíse ina dhiaidh sin (19ú/ 20ú Nollaig agus 26ú / 27ú Nollaig). An chúis leis seo ná go n-íocfar an dá sheachtain le chéile roimh an Aoine 22ú Nollaig. Cuir an t-eolas seo ar fad ar fáil faoin 15ú Nollaig roimh 4pm le do thoil (gnáthsheachtain amháin agus dhá sheachtain sa todhchaí).

Mura féidir leat an patrún oibre ionchais a chur ar fáil faoi 4pm an 15ú Nollaig, le do thoil cuir do ghnáthsheachtain isteach (12ú/ 13ú) faoi 4pm Dé Céadaoin 13ú agus is féidir linn glacadh fós leis na patrúin ionchais faoi 4pm an 15ú Nollaig. Beidh ort logáil isteach arís chun é seo a chur ar fáil faoin 15ú Nollaig.

Mura féidir leat do phatrún oibre ionchais a chur ar fáil roimh an spriocdháta seo, is féidir é a chur isteach mar is gnách gach seachtain. Áfach, beidh moill ar íocaíochtaí na seachtaine sin go dtí tar éis na Nollag. Sa chás seo ba cheart duit do phatrún a chur isteach agus dul i dteagmháil le d'oifig áitiúla.

Má bhí aon athruithe ar an bpatrún oibre ionchais a chuir tú isteach, ba cheart duit na sonraí a chuir ar fáil sa cheist “Athrú Cúinsí” i mí Eanáir.