Seirbhís Nua - Cláraigh breith ar líne

Ón 12 Lúnasa 2024, gheobhaidh tuismitheoirí leanaí nuabheirthe cuireadh ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin, tríd an bpost, breith a linbh a chlárú ar líne.

Eiseofar an cuireadh chuig máthair an linbh a luaithe a bheidh an bhreith curtha in iúl don Phríomh-Oifig Chlárúcháin ag an ospidéal inar rugadh an leanbh.

Ba cheart gach ceist a bhaineann le clárúchán a chur chuig an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta.

Rochtain ar Sheirbhísí um Chlárú Sibhialta

Ní mór cuntas MyGovID fíoraithe a bheith agat chun rochtain a fháil ar an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta agus chun clárúcháin ar líne a chomhlánú. Is féidir leat do chuntas a fhíorú ar MyGovID.