Beidh cuntas MyGovID  ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad é JobsIreland.ie

Láithreán gréasáin is ea JobsIreland.ie ar féidir leis tacaíochtaí ar líne a sholáthar do dhaoine a bhfuil fostaíocht á cuardach acu nó atá ag smaoineamh faoina bpost nó treo a ngairme a athrú.  Ceanglaíonn JobsIreland.ie iarrthóirí cláraithe le fostóirí i measc na n-earnálacha tionscail go léir.  Ní ghearrtar aon chostas ar fhostóirí chun úsáid a bhaint as seirbhís JobsIreland.ie chun folúntais phoist a fhógairt ar bhonn laethúil. 

Cé ar féidir leis JobsIreland a úsáid?

Ceanglaíonn JobsIreland.ie duine ar bith atá ag cuardach fostaíochta nó atá ag smaoineamh faoina bpost nó treo a ngairme a athrú le Fostóirí a bhfuil folúntais á bhfógairt acu agus a bhfuil daoine á bhfostú acu go gníomhach.  

 

Chun teacht a bheith agat ar sheirbhís iomlán JobsIreland.ie agus chun tús a chur le do chuardach poist, teastóidh cuntas bunúsach MyGovId uait chun logáil isteach in JobsIreland.ie. Mura bhfuil cuntas agat cheana féin, is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Conas is féidir le JobsIreland cuidiú leat.

Tacaíocht

Tá foireann Tacaíochta Custaiméirí JobsIreland.ie ar fáil ó Luan go hAoine idir 9am agus 5pm má theastaíonn tacaíocht uait nuair a chláraíonn tú do sheirbhís JobsIreland.ie. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar an nguthán trí ghlao ar 1890 800 024 nó 01 2481398 agus ar ríomhphost ag jobsireland@welfare.ie.

Meaitseáil-post

Cuireann JobsIreland.ie an mheaitseáil agus an fhógairt uathoibríoch Post is déanaí ar fáil do chuardaitheoirí poist. A luaithe a bhíonn tú cláraithe, is féidir leat do phróifíl iarrthóra a nuashonrú chun 100% a bhaint amach agus faisnéis ábhartha faoi do CV / résumé a chur san áireamh. Déanfaidh JobsIreland.ie do phróifíl iarrthóra a mheaitseáil go huathoibríoch le folúntais reatha agus cuirfidh sé ar an eolas thú ar na torthaí a luaithe a bhíonn na socruithe fógartha curtha in eagar agat.

Ullmhúchán Curriculum Vitae

Cuireann JobsIrleland.ie rochtain ar fáil duit ar chomhairle faoi ghairmeacha beatha agus leideanna maidir le CV a ullmhú agus ullmhú d’agallamh chun cabhrú le do chuid gníomhaíochtaí cuardaigh poist. Cuirfidh seo ar do chumas an phróifíl iarrthóra is fearr a sholáthar d’fhostóirí ionchasacha agus cuirfidh sé feabhas ar do chuid deiseanna chun fostaíocht a bhaint amach.

Aimsigh post
Aimsigh post

Beidh cuntas MyGovID  ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.