Beidh Cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil ceann agat cruthaigh ceann anseo.

Cad is Dearbhú Cuardaitheora Poist ann?

Má tá íocaíocht Cuardaitheora Poist á éileamh agat agus má tá tú ag obair uaireanta páirtaimseartha nó uaireanta laghdaithe ní mór duit foirm ghearr a chur isteach gach seachtain le cur síos ar na laethanta a d’oibrigh tú, nár oibrigh tú nó a fuair tú pá saoire.

Cé chomh minic is gá dom mo Dhearbhú a chomhlánú?

Caithfidh tú do dhearbhú Cuardaitheora Poist a chomhlánú gach seachtain. Má tá tú ceadaithe le haghaidh íocaíochta Cuardaitheora Poist beidh litir faighte agat ina luaitear cén lá, Dé Máirt nó Dé Céadaoin, gur gá duit do dhearbhú Cuardaitheora Poist a chur isteach.

Cé na ceisteanna a chuirfear ort?

D'fhéadfaí go n-iarrfaí ort eolas a thabhairt faoin méid seo a leanas:

So shonraí pearsanta

Mura bhfuil cuntas fíoraithe MyGovID agat iarrfar ort roinnt sonraí pearsanta mar d’Uimhir PSP a sholáthar.

Do phatrún oibre

Iarrfar ort do phatrún oibre a sholáthar in aghaidh laethanta áirithe.

Réidh?
Déan Dearbhú

Beidh Cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil ceann agat cruthaigh ceann anseo.