Réamhrá

Tá slándáil ar láithreán gréasáin MyWelfare thar a bheith tábhachtach i gcónaí. Tógadh MyWelfare ón mbun aníos agus aird ar shlándáil agus tá ár dteicneolaíochtaí agus ár gcleachtais slándála ag forbairt i gcónaí.

Tuarascálacha le Déanaí

Tá sé tugtha le fios don Roinn Coimirce Sóisialaí go bhfuair roinnt daoine den phobal teachtaireachtaí téacs ar a gcuid fón póca ó uimhir anaithnid, a mhaíonn gur ón Roinn iad.

Nuair a chliceálann an duine ar an nasc, tugtar chuig láithreán iad a cruthaíodh go sonrach le breathnú díreach cosúil le láithreáin ghréasáin MyWelfare nó MyGovID na Roinne. Iarrtar ar an duine ansin a Ainm, PPSN agus a Chuntas Bainc a sholáthar.

Is camscéimeanna sofaisticiúla iad seo. Iarraimid ar ár gcustaiméirí a bheith aireach agus éilimh á mbainistiú ar líne acu agus a chinntiú go bhfuil láithreáin ghréasáin oifigiúla na Roinne á n-úsáid acu.

Is iad seo a leanas na príomhtháscairí gur camscéim atá i gceist:

  • Bíonn an teachtaireacht scríofa go dona. Nuair atá fioscaireacht nó smioscaireacht á cruthú, úsáidfidh caimiléirí seiceálaí litrithe nó meaisín aistriúcháin, a thabharfaidh na focail chearta dóibh ach ní bhíonn siad sa chomhthéacs ceart go minic. Bí ag faire amach do bhotúin ghramadaí, ní amháin botúin litrithe
  • Bíonn an t-ainm fearainn litrithe mícheart sa teachtaireacht (my-welfare.id). Cé go gcaithfidh gach ainm fearainn a bheith uathúil, tá go leor bealaí ann chun seoltaí a chruthú atá deacair a idirdhealú ón gceann atá á bhréagnú.
  • Bíonn práinn i gceist. Is minic a dhéanann teachtaireachtaí nó ríomhphoist bhréige iarracht práinn a chruthú.

 

Tá sé tábhachtach a chuimhneamh, ní dhéanfaidh MyGovID an méid seo a leanas go deo

  • Téacs nó ríomhphost a sheoladh chugat le nasc díreach chuig an leathanach logála isteach nó an leathanach tacaíochta chun do chuid sonraí a dhearbhú
  • Téacs nó ríomhphost a sheoladh chugat le nasc díreach chun d’fhaisnéis phearsanta nó airgeadais a iontráil
  • Iarradh ort cliceáil ar nasc i r-phost le rabhadh práinneach faoi ghníomhaíocht amhrasach ar do chuntas

Cosain do chuntas

Tá d’fhaisnéis phearsanta mar chuid de d’aitheantas. Seo roinnt leideanna chun fanacht sábháilte ar líne agus d’fhaisnéis phearsanta a chosaint:

  • Bí cúramach agus tú ag cliceáil ar hipearnasc atá leabaithe i dteachtaireacht téacs nó i ríomhphoist.
  • Coinnigh d’fhaisnéis phearsanta agus do phasfhocal slán. Moltar gan do phasfhocal a roinnt le daoine eile agus phasfhocail a athrú go rialta.
  • Caith go cúramach le hiarrataí ar fhaisnéis phearsanta. Bí ar d'fhaichill faoi ghlaonna bréige a mhaíonn gur ó MyWelfare nó ó aonán rialtais iontaofa eile iad.
  • Súiteáil bogearraí frithvíreas ar gach gléas agus socraigh na bogearraí chun nuashonruithe a sheiceáil gach lá go huathoibríoch.
  • Bíodh slándáil sonraí mar thosaíocht laethúil, cleachtaigh cibear-shláinteachas agus déan athbhreithniú leanúnach ar do nósanna slándála

Conas a chosnaíonn MyWelfare do chuntas

Chun a chinntiú gur féidir leat rochtain a fháil ar sheirbhísí le muinín iomlán, úsáideann MyWelfare na leibhéil is airde slándála tionscalchaighdeánach. Seo a leanas cuid de na bearta a dhéanaimid:

Slándáil Ar Líne:

Tá ár láithreán gréasáin criptithe chun d’fhaisnéis phearsanta a chosaint.

Úsáidimid ballaí dóiteáin freisin (bacainn idir an t-idirlíon agus ár líonra inmheánach) lena chinntiú go gcosnaítear d’fhaisnéis phearsanta ó chibear-ionsaithe.

Fíordheimhniú Dhá Fhachtóir:

Úsáidfidh custaiméirí a bhfuil cuntas fíoraithe MyGovID acu fíordheimhniú dhá fhachtóir. Gach uair a dhéanann custaiméir fíoraithe iarracht logáil isteach i seirbhís ag baint úsáide as MyGovID, a phasfhocal a athrú, a uimhir theileafóin a nuashonrú nó a chuntas a aisghabháil, seolfar teachtaireacht téacs chuig a uimhir theileafóin fíoraithe. Cuireann sé seo sraith bhreise slándála leis agus laghdaíonn sé an dóchúlacht gur féidir le droch-aisteoir aithris a dhéanamh ort agus rochtain a fháil ar do chuntas

Níl fíordheimhniú dhá fhachtóir ar fáil faoi láthair do chustaiméirí a bhfuil cuntas bunúsach MyGovID acu. Molaimid do gach custaiméir a bhfuil cuntas bunúsach acu a gcuntas MyGovID a fhíorú anois ionas gur féidir leat slándáil do chuntas a fheabhsú agus rochtain a fháil ar sheirbhísí breise.  

Tuairiscigh calaois amhrasta

Má fhaigheann tú teachtaireacht téacs, r-phost nó glao gutháin gan iarraidh ag maíomh gur ó MyWelfare í a bhfuil amhras ort go bhfuil calaois i gceist, glaoigh orainn ar 076 628 5191 nó seol ríomhphost chuig support@mywelfare.ie.