Níl gá agat le MyGovID cuntas chun an tseirbhís seo a úsáid.

Cad é an tÁireamhán Iomarcaíochta?

Má rinneadh iomarcaíocht ort nó má tá teidlíocht agat ar íocaíocht iomarcaíochta, taispeánfaidh an t-áireamhán seo méid iomarcaíochta reachtúil measta a d'fhéadfadh a bheith dlite.
Iarrfar ort sonraí fostaíochta ábhartha a ionchur chun an ríomh measta seo a ghiniúint. Tá an ríomh bunaithe ar theidlíocht reachtúil ollphá 2 sheachtain in aghaidh na bliana seirbhíse móide seachtain bónais bhreise.

Cé atá in ann an t-áireamhán seo a úsáid?

Tá an uirlis seo ar fáil do dhuine ar bith, tá sé anaithnid agus ní féidir an t-eolas a chuirtear ar fáil a úsáid chun duine a aithint ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Iomarcaíocht is féidir leat an méid seo a leanas a fhiosrú:

Cén t-eolas is gá dom a chur ar fáil?

Do shonraí pearsanta

Iarrfar ort do dháta breithe a iontráil.

Do shonraí fostaíochta

Iarrfar ort roinnt sonraí a chur isteach amhail dáta tosaithe agus deiridh na fostaíochta, gnáthphá seachtainiúil comhlán agus aon sosanna infheidhme i seirbhís a d'fhéadfadh a bheith tarlaithe.

Réidh?
Déan Iarratas Anois

Níl gá agat le MyGovID cuntas chun an tseirbhís seo a úsáid.