Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad é Sochar Linbh?

Íocaíocht mhíosúil a dhéantar do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí de leanaí atá 16 bliana d’aois nó níos óige ná sin is ea Sochar Linbh.

Más rud é go bhfuil an leanbh fós i mbun oideachas lánaimseartha, traenáil lánaimseartha nó más rud é go bhfuil sé nó sí faoi mhíchumas agus nach bhfuil siad in ann iad féin a chothú dá bharr, tá tú i dteideal éileamh a dhéanamh ar Shochar Linbh go dtí go mbaineann do leanbh 18 mbliana d’aois.

Cé is féidir leo iarratas a chur isteach leis?

  • Tuismitheoirí nó caomhnóirí de leanaí atá 16 bliana d’aois nó níos óige ná sin..
  • Tuismitheoirí nó caomhnóirí de leanaí atá idir 16 agus 18 bliana d’aois más rud é go bhfuil an leanbh fós i mbun oideachas lánaimseartha, traenáil lánaimseartha .
  • Is féidir le saoránach nach de chuid an AE é atá fostaithe go dleathach sa Stát a bheith incháilithe do Shochar Linbh más rud é gur cónaitheoir é an leanbh sa Stát . 

Cén fhaisnéis a n-iarrfar orm?

Do chuid mionsonraí

Ceisteanna fútsa féin, do sheoladh, aon leanaí atá agat agus do stádas muintearais.

Sonraí bainc

Sonraí do chuntais bhainc.

Stádas cónaitheach

Fiafrófar díot ceisteanna faoi do stádas cónaitheachta.

Sochar Linbh
Déan Iarratas Anois

Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.