Beidh cuntas fíoraithe MyGovID ag teastáil uait chun do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan.

Cén fáth a bhfuil gá le do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan?

Cuidíonn an Cárta Seirbhísí Poiblí leat rochtain a fháil ar raon seirbhísí poiblí ar bhealach éasca agus sábháilte. Más custaiméir Saorthaistil tú, teastaíonn Cárta Seirbhísí Poiblí bailí uait chun an tseirbhís a úsáid.

Ionas nach gcuirfear isteach ar sheirbhísí, moltar duit do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan sula rachaidh sé in éag.

Cliceáil anseo chun níos a fhoghlaim faoin gCárta Seirbhísí Poiblí.

Cé atá in ann a gCárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan ag úsáid MyWelfare?

Féadfaidh tú do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan ar Líne más rud é:

  • Go bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí agat atá le dul in éag sna 90 lá atá amach romhainn nó atá imithe in éag cheana féin
  • Go bhfuil tú 18 mbliana d’aois nó níos sine
  • Go bhfuil tú i do chónaí in aon cheann den 32 chontae in Éirinn
  • Gur chuir tú an Roinn ar an eolas faoi aon athrú ar d’ainm, ó eisíodh do Chárta Seirbhísí Poiblí deireanach

Cén cineál grianghraf is gá dom a uaslódáil?

Caithfidh an grianghraf na caighdeáin chéanna a chomhlíonadh agus atá ag grianghraf pas. 

Treoirlínte maidir leis an ngrianghraf:

  • Bíodh cúlra simplí, éadrom agat (Níl cúlra le patrún/painéalta inghlactha).
  • Bíodh d'aghaidh agus súile go hiomlán infheicthe gan aon spéaclaí á gcaitheamh agat. Le do thoil féach díreach ar an gceamara.
  • Níl pictiúr de phictiúr ceadaithe.
  • Bíodh soilsiú cothrom agat gan aon scáil.
  • Ba chóir go mbeadh d’aghaidh do cheann ag glacadh suas le 70-80% den spás ghrianghraif.
  • Ba chóir go mbeadh corrlach beag ar a laghad idir do cheann / ghruaig agus imeall an grianghraf.
  • Bíodh gotha gnúise simplí agus béal dúnta agat.
  • Ba chóir an bun JPEG a bheith agat (gan é a bheith comhbhrúite).
  • Ba chóir é a bheith daite.
  • Ba chóir é a bheith 5MB nó níos lú.
  • Ba chóir é a bheith 450W x 600H picteilín ar a laghad.
  • Ba chóir é a bheith i bhfoirm phortráide (cóimheas 3:4).

Cad is grianghraf cóimheasa 3:4 ann?

Is é is grianghraf cóimheasa treoíochta 3:4 ann ná grianghraf atá beagán níos airde ná mar atá sé leathan, mar shampla grianghraf pas. Maidir le picteilíní, is grianghraf cóimheasa 3:4 é grianghraf leis na toisí; 600 picteilín ar leithead agus 800 picteilín ar airde (600 x 800), mar shampla.

Ag brath ar do ghléas b'fhéidir go bhfuil aipeanna nó roghanna éagsúla agat chun do ghrianghraf a bhearradh, más gá, leis an gcóimheas treoíochta 3:4 a bhaint amach.

Cad is gá dom a dhéanamh chun mo Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan?

Caithfidh cuntas MyGovID fíoraithe a bheith agat

Is féidir leat do chuntas a fhíorú ar MyGovID.

Deimhnigh do chuid sonraí pearsanta

Ar mhaithe le slándáil beidh orainn a dhearbhú go bhfuil do chuid faisnéise pearsanta ceart.

Deimhnigh do sheoladh

Beidh orainn go ndearbhaíonn tú go bhfuil tú i do chónaí ag an seoladh céanna.

Uaslódáil grianghraf digiteach a tógadh le déanaí

Iarrfar ort grianghraf le déanaí a uaslódáil a chomhlíonann critéir áirithe cosúil le grianghraf pas. Foghlaim níos faoi ghrianghraf maith a thógáil.

Cén fáth a gcaithfidh mé grianghraf a tógadh le déanaí a sholáthar?

Beidh do ghrianghraf le feiceáil ar do Chárta Seirbhísí Poiblí. Toisc go bhfuil roinnt blianta caite ó eisíodh do chárta deireanach, teastaíonn grianghraf nua a léiríonn an chaoi a bhfuil tú faoi láthair.

Cad ba cheart dom a dhéanamh má chailltear mo Chárta Seirbhísí Poiblí?

Má tá do Chárta Seirbhísí Poiblí caillte, goidte nó millte, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh láithreach le Deasc Chabhrach an Chárta Seirbhísí Poiblí ag 0818 387000

Conas a dhéantar an t-eolas a chuirtear ar fáil do mo Chárta Seirbhísí

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an gcaoi a stórálann an rialtas faisnéis phearsanta tabhair cuairt ar Gov.ie SAFE registration.

Réidh?
Athnuaigh anois

Beidh cuntas fíoraithe MyGovID ag teastáil uait chun do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan.