Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad é an Pacáiste Sochar Teaghlaigh?

Is éard é an Pacáiste Sochar Teaghlaigh ná pacáiste liúntas a chabhraíonn leat leis na costais a bhaineann le do theaghlach a rith Caithfidh tú a bheith i do chónaí go hiomlán i bPoblacht na hÉireann chun an liúntas seo a fháil agus ní féidir ach le ball amháin de theaghlach cáiliú do Shochair Teaghlaigh. Tá dhá liúntas i gceist: an Liúntas Leictreachais nó Gáis agus an Ceadúnas Teilifíse Saor In Aisce.

Cé atá in ann sochair teaghlaigh a fháil?

D'fhéadfá Sochair Teaghlaigh a fháil:

  • Má tá tú os cionn 70 bliana d'aois
  • Má tá tú idir 66 agus 70 bliain d’aois agus Pinsean Stáit á fháil agat
  • Tá tú idir 66 agus 70 bliain d’aois agus ní fhaigheann tú Pinsean Stáit, ach sásaíonn tú tástáil acmhainne
  • Tá tú faoi 70 bliain d’aois agus Pinsean/Sochar Slandála Sóisialta den chinéal céanna á fháil agat ó thír eile. Foghlaim níos mó faoi na tíortha faoi leith atá san áireamh.
  • Tá tú faoi 66 agus ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á fháil agat Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall
    Forlíonadh Éagumais le Sochar Míchumais.
  • Tá tú os cionn 60 bliain d’aois agus Pinsean Baintrí Garda á fháil agat.
  • Is baintreach mná nó fir nó páirtnéir sibhialta marthanachidir 60 agus 65 agus bhí Sochair Teaghlaigh á fháil ag do chéile nó do pháirtí sibhialta nach maireann
  • Liúntas Cúramóra á fháil agat i leith duine a bhfuil tú i do chónaí leis agus a bhfuil tú ag tabhairt aire dó

Cad faoi a gceisteofar thú?

Sonraí faoi do staid mhaireachtála

Beidh ort a sheiceáil an bhfuil do sheoladh cothrom le dáta agus má tá cónaí ort le duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dó beidh ort a Uimhir PSP a sholáthar.

Do stádas caidrimh

Beidh ort do stádas caidrimh a sholáthar agus b’fhéidir go mbeidh ort UPSP do pháirtí a sholáthar.

Sonraí maidir le do leictreachas/gás agus do cheadúnas teilifíse

Beidh ort do sholáthraí leictreachais/gáis agus MPRN leictreachais nó GPRN gáis, agus uimhir thagartha do cheadúnais teilifíse a sholáthar. Caithfidh tú a bheith ar an duine ainmnithe ar an mbille chun an liúntas seo a fháil.

Do chuid sonraí íocaíochta

Beidh ort sonraí a sholáthar faoin gcuntas bainc ar mhaith leat go n-íocfaí d'íocaíocht isteach ann, nó an oifig phoist le gur féidir leat d'íocaíocht a bhailiú.

Sochair Teaghlaigh
Déan iarratas anois

Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.