Gnáthdhuillín pá

Féadfaidh an íomhá seo thíos ar dhuillín pá coitianta a bheith éagsúil le do dhuillín pá féin. Ba chóir, áfach, go dtabharfadh sé treoir éigin maidir leis an áit a bhféadfá teacht ar an eolas ba ghá chun d'iarratas ar Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht a líonadh.

Sula ndéanann tú d'iarratas, ghlac cúpla nóiméad chun eolas a chur ar an eolas thíos a bhfuil ag teastáil chun an mhír maidir le sonraí Íocaíochta den phroiséas iarratais a chomhlánú

Payslip
  1. Uimhir chláraithe fostóra
  2. Líon iomlán seachtainí inárachais
    Cuir isteach, le do thoil, méid iomlan na seachtainí inárachaithe, de réir do dhuillin pá, a d'oibrigh tú sa phost seo, sa bhliain féilire seo. Tahair do d'aire, le do thoil, gur féidir nach ionann an figiúr agus an méid ar do dhuillín pá más rud é go bhfuair tú post eile nó gur athraigh cursaí cánach duit sa bhliain féilire seo.
  3. Asbhaintí ó phá
    Áirítear leo seo, MSU, ÁSPC an fhostaí agus ÍMAT (cáin). Beidh figiúirí seachtainiúla agus bliain go dáta ar do dhuillín pá. Cuir isteach figiúirí bliain go dáta amháin ar d'iarratas ÍTF.
  4. Figiúirí bliana go dtí seo maidir le MSU, ÁSPC fostaí, ÍMAT
    Seo é an áit a bhféadfadh figiúirí bliain go dáta a bheith ann ar do dhuillín pá
  5. Figiúirí na bliana go dtí seo maidir le pá inchánach agus pá comhlán
    Beidh do Phá Inchánach cothrom le nó níos lú ná do Phá comhlán i gcónaí. Beidh do Phá comhlán cothrom le nó níos lú ná do Phá inchánach i gcónaí.