Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.
Cad é an Pacáiste Sochar Teaghlaigh?
Is éard é an Pacáiste Sochar Teaghlaigh ná pacáiste liúntas a chabhraíonn leat leis na costais a bhaineann le do theaghlach a rith Caithfidh tú a bheith i do chónaí go hiomlán i bPoblacht na hÉireann chun an liúntas seo a fháil agus ní féidir ach le ball amháin de theaghlach cáiliú do Shochair Teaghlaigh. Tá dhá liúntas i gceist: an Liúntas Leictreachais nó Gáis agus an Ceadúnas Teilifíse Saor In Aisce.
Cé atá in ann sochair teaghlaigh a fháil?
D'fhéadfá Sochair Teaghlaigh a fháil:
- Má tá tú os cionn 70 bliana d'aois
- Má tá tú idir 66 agus 70 bliain d’aois agus Pinsean Stáit á fháil agat
- Tá tú idir 66 agus 70 bliain d’aois agus ní fhaigheann tú Pinsean Stáit, ach sásaíonn tú tástáil acmhainne
- Tá tú faoi 70 bliain d’aois agus Pinsean/Sochar Slandála Sóisialta den chinéal céanna á fháil agat ó thír eile. Foghlaim níos mó faoi na tíortha faoi leith atá san áireamh.
- Tá tú faoi 66 agus ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á fháil agat Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall nó
Forlíonadh Éagumais le Sochar Míchumais. - Tá tú os cionn 60 bliain d’aois agus Pinsean Baintrí Garda á fháil agat.
- Is baintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach thú idir 60 agus 65 bliain d'aois, agus bhí Sochair Theaghlaigh á bhfáil ag do chéile nó do pháirtnéir sibhialta nach maireann
- Tá Liúntas Cúramóra á fháil agat i leith duine a bhfuil tú i do chónaí leis agus a bhfuil tú ag tabhairt aire dó
Nóta Tábhachtach
- Mar chuid den Phacáiste Sochair Teaghlaigh, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Leictreachais nó ar an Liúntas Gáis mar aon leis an gCeadúnas Teilifíse Saor in Aisce.
- Níl ach Pacáiste Sochair Teaghlaigh amháin iníoctha in aghaidh an teaghlaigh.
Cad faoi a gceisteofar thú?
Sonraí faoi do staid mhaireachtála
Do stádas caidrimh
Do shonraí leictreachais/gáis agus ceadúnais teilifíse
Beidh ort do MPRN leictreachais nó GPRN gáis a sholáthar. Seans go mbeidh ort d’Uimhir Thagartha Ceadúnais Teilifíse a sholáthar freisin, nuair is cuí
Do chuid sonraí íocaíochta
Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.