Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad í aisíocaíocht ÁSPC?

Is féidir iarratas a chur isteach ar aisíocaíochtaí Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) más rud é gur íocadh an ráta ÁSPC mícheart ó do phá nó d’ioncaim. Is féidir iarratais a chur isteach le haghaidh na ceithre bliana cánach iomlán is deireanaí.

Tabhair faoi deara, le do thoil, mar gheall go bhfuil taifid ó na coimisinéirí ioncaim á bpróiseáil, b'fhéidir go mbeidh moill ann nuaira dhéanann tú iarratas ar aisíocaíocht 2022

Má bhíonn aon fhadhb agat maidir leis an iarratas seo a chomhlánú déan teagmháil le do thoil le PRSIrefunds@welfare.ie

Cé is féidir leis iarratas a chur isteach ar aisíocaíocht ÁSPC?

Féadfaidh go mbeidh tú i dteideal aisíocaíocht ÁSPC más rud é

  • Go bhfuil tú os cionn 66 agus go bhfuil tú tar éis ÁSPC a íoc ar do phá
  • Gur íoc tú ÁSPC nuair a bhí tú faoi bhun 16 bliana d’aois
  • Go ndearnadh ÁSPC a bhaint as do phá iomlán agus tú ar Shaoire Mháithreachais, ar Shaoire Atharthachta nó ag fáil Sochair Bhreoiteachta.
  • Chun breis coinníollacha cáilithe féach ar www.gov.ie 

An fhaisnéis atá de dhíth chun iarratas a chur isteach?

An fáth a gceapann tú go bhfuil tú cáilithe

Iarrfar ort an fáth a gcreideann tú go bhfuil tú cáilithe chun aisíocaíocht ÁSPC a fháil.

Sonraí fostaíochta

Iarrfar ort do shonraí fostaíochta do na blianta gur mhian leat athbhreithniú a dhéanamh orthu a dheimhniú.

Sonraí Bainc

Sonraí do chuntais bhainc.

Aisíocaíocht ÁSPC
Cuir iarratas isteach

Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.